Faolán mac Colmáin
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 656 ↔ 666 |
Siocair bháis | Plá |
Ríthe na Laighean | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Dhúnlainge |
Athair | Colmán Már mac Coirpri |
Duine muinteartha | Bran Mut mac Conaill (garmhac) |
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Faolán mac Colmáin (Sean-Ghaeilge Fáelán mac Colmáin) (bás 666). Colmán Mór mac Cairbre, iar-rí, ba ea a athair.[1] Ba é Faolán a chuir rath Uí Dhúnlainge ar a boinn.[2]
Teacht i gcoróin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feictear Faolán sin chéad uair sna hannála agus slew Crannmhaol Bolg Luatha Uí Chinnsealaigh clóite agus maraithe aige ag Cath Duma Aichir sa bhliain 628.[3][4] Tugtar i ndúil ansin an teideal rí Laigean dó.[2] Chloígh agus mharaigh sé ansin Criomhthann mac Aodha (bás 633), rí Laigean Uí Mháil, ag Cath Áth Goan i nIarthar Life, i gcomhaontas le Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh (bás 637), rí na Mumhan agus Conall Guthbhinn mac Suibhne (bás 635) de Chlann Cholmáin.[5][6][7]
Tugtar sa Leabhar Laighneach réimeas 30 bliain dó, agus is amhlaidh dá bharr gur idirshliocht é a thásc sna hannála don bhliain 666. Is níos dóichí é go bhfuair sé bás roimh an mbliain 656, nuair a thugtar do Chrannmhaol Arbhoilg mac Rónáin ina thásc an teideal rí Laigean.[2]
Caidreamh eaglaise
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir nósanna Naomh Caoimhín Ghleann Dá Loch, cuireadh Faolán ar altramas le Caoimhín tar éis dá leasmháthair é a dhiúltú. Coinníodh an nós seo beo beathach a bhuí le pátrúnacht Uí Dhúnlainge.[8]
Abb agus easpag Aodh Dubh deartháir Fhaoláin, agus easpag Chill Dara fosta ba ea a nia, Aonghas mac Aodha Fhionn. Tábhachtach a bhí an nasc clainne seo le Cill Dara mar bhunús a cumhacht.[9]
Duine dá mhná céile ba ea Sárnad ní Eachach d'Fhotharta Feá, dream a raibh gaol acu le Naomh Bríd Chill Dara.[10]
Caidreamh le hUí Néill
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is amhlaidh gur tháinig Ui Dunlainge chun cinn le tacaíocht Chlann Cholmáin, a bhí ag iarraidh bagairt Uí Fhailí a um aird iomlán a thabhairt dá gcoimhlint le Síol Aodha Sláine. Duine de mhná céile Fhaoláin ba ea Uasal ní Shuibhne (bás 643), iníon Chonaill, a bhí in éineacht leis ag Áth Gó.[11]
Deirtear sa sága 'Bóramha' gur tháinig Seachnasach mac Blathmaic (bás 671) de Shíol Aodha Sláine le slua mór i Laigin isteach a chun an buanna a éileamh, ach gur chloígh Faolán é. Ní oireann ámh an eachtra seo chronologically le réimeas Faoláin ó thaobh croineolaíochta de.[12]
Clann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí mac aige le darbh ainm Conall. Bhí seisean pósta le Conannail ní Chrannmhaoil Uí Dhúnlainge, agus bhí mac acu, Bran Mut (bás 693), rí Laigean.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 9
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Byrne, lch. 151
- ↑ Annála Uladh, AU 628.1
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 630.1
- ↑ AU 633.2
- ↑ AT 636.2
- ↑ Annála Inis Faithlinn, AI 637.2
- ↑ Byrne, ll. 151-152
- ↑ Byrne, lch. 152
- ↑ Byrne, lch. 154
- ↑ Byrne, lch. 154
- ↑ Dan M.Wiley, Boroma, Curtha i gcartlann 2008-05-07 ar an Wayback Machine, Cycles of the Kings