Eochagán mac Aodha
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Bás | 883 |
| Liosta Ríthe Uladh | |
| | |
| Teaghlach | |
| Teaghlach | Dál Fiatach |
| Páiste | Muireadhach mac Eochagáin, Aodh mac Eochagáin |
| Athair | Áed mac Eochada (en) |
Rí Ulad de Dhál Fhiatach ba ea Eochagán mac Aodha (Sean-Ghaeilge: Eochocán mac Áedo) (bás 883). Eochaidh mac Fiachna (bás 810), iar-rí Ulad, ba ea a sheanathair.[1][2] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 882 go dtí 883.[3]
Fuair a athair, Aodh mac Eachadha, bás sa bhliain 839. Sa bhliain 882, tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir, Ainbhith mac Aodha, mar leath-rí na nUlad lena dheartháir eile, Áireamhón mac Aodha (bás 886). Maraíodh Eochagán an bhliain dár gcionn, ámh, ag mic Ainbhith.[4]
Bhí sé pósta le Inderb, iníon Mhaoil Dúin mhic Aodha, rí Ailigh de Chineál Eoghain. Ríthe Ulad fosta ba ea a mhic, Muireadhach (bás 895) agus Aodh (bás 919).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Inis Faithlinn, G100004
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Annála Uladh, cuid 1, G100001A
- Annála na gCeithre Máistrí, cuid 1, G800011A
- Leabhar Laighneach, Rig Ulad, G800011A
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, Tábla 6
- ↑ Charles-Edwards, Aguisín XXI
- ↑ Tugadh réimeas 1 bhliain dó sa Leabhar Laighneach
- ↑ AU 883.6