Eagraíocht na dTíortha Onnmhairithe Peitriliam (ETOP)
Tá an Ailgéir, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Araib Shádach, Catar, Cuáit, an Indinéis, an Iaráin, an Iaráic, an Libia, an Nigéir, agus Veiniséala i mball den Eagraíocht na dTíortha Onnmhairithe Peitriliam (ETOP nó OPEC i mBéarla). Bíonn sé ag dul chun margaidh nó chun réitigh le comhlachtaí ola.
Tá an ceannáras suite i Vín na hOstaire.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thosaigh Cogadh Yom Kippur ar 6 Deireadh Fómhair 1973.[1]
16 Deireadh Fómhair 1973: bheartaigh ETOP praghsanna peitriliam a mhéadú go mór.
17 Deireadh Fómhair 1973: Chuir ETOP tús le trádbhac ola: Shocraigh tíortha a tháirgeann peitriliam onnmhairí chuig roinnt tíortha iartharacha a laghdú nó a thoirmeasc.
Sa bhliain 1974, tugadh isteach ciondáil ar an bpeitreal. Níos déanaí, ar 15 Nollaig 1974, sa Ríocht Aontaithe, tugadh isteach luasteorainneacha nua chun ídiú breosla a laghdú (luasteorainn 80km san uair ar na mórbhóithre).[2]
Dá bhrí sin, mhoilligh an fás sna 1970idí agus tháinig méadú ar an mboilsciú sa domhan uilig. [3]Tharla cúlú eacnamaíochta ina dhiaidh sin. Ag an am céanna, tháinig méadú ar an gcéatadán aibhléise a gineadh i stáisiúin cumhachta núicléiche[4].
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Misin sa Mheánoirthear" (en). www.military.ie. Dáta rochtana: 2020-10-06.
- ↑ BBC, "1974: New speed limit to curb fuel use" (en-GB) (1974-12-15). Dáta rochtana: 2021-12-16.
- ↑ "Background: What caused the 1970s oil price shock?" (en). the Guardian (2011-03-03). Dáta rochtana: 2021-12-16.
- ↑ Beo.ie. "Cúrsaí Fuinnimh". Dáta rochtana: 2018.