Eagraíocht Tíortha Onnmhairithe an Pheitriliam
Tá an Ailgéir, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Araib Shádach, Catar, Cuáit, an Indinéis, an Iaráin, an Iaráic, an Libia, an Nigéir, agus Veiniséala i mball den Eagraíocht Tíortha Onnmhairithe an Pheitriliam (ETOP nó OPEC i mBéarla). Bíonn sé ag dul chun margaidh nó chun réitigh le comhlachtaí ola.
Tá an ceannáras suite i Vín na hOstaire.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thosaigh Cogadh Yom Kippur ar 6 Deireadh Fómhair 1973.
16 Deireadh Fómhair 1973: bheartaigh ETOP praghsanna peitriliam a mhéadú go mór.
17 Deireadh Fómhair 1973: Chuir ETOP tús le trádbhac ola: Shocraigh tíortha a tháirgeann peitriliam onnmhairí chuig roinnt tíortha iartharacha a laghdú nó a thoirmeasc.
Dá bhrí sin, mhoilligh an fás sna 1970idí agus tháinig méadú ar an mboilsciú sa domhan uilig. Tharla cúlú eacnamaíochta ina dhiaidh sin. Ag an am céanna, tháinig méadú ar an gcéatadán aibhléise a gineadh i stáisiúin cumhachta núicléiche[1].
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Beo.ie. "Cúrsaí Fuinnimh". Dáta rochtana: 2018.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |