Droichead Átha
Droichead Átha | |||||
---|---|---|---|---|---|
Drogheda (en) Droichead Átha (ga) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | ||||
Contae in Éirinn | Contae Lú | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 40,956 (2016) | ||||
• Dlús | 2,767.3 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 14.8 km² | ||||
Airde | 1 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1194 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 167 | ||||
Suíomh gréasáin | louthcoco.ie |
Is baile i gContae Lú é Droichead Átha[1] Fuaimniú, atá suite ar chósta thoir na Éireann, 56km ó thuaidh ón bpríomhchathair Baile Átha Cliath.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1649, chuir Oilibhéar Cromail baile Dhroichead Átha faoi léigear. Ní raibh na ríogaithe sásta géilleadh do na maolchinn. Bhí garastún Dhroichead Átha faoi cheannas Arthur Aston, Caitliceach ridiriúil.
I ndiaidh ocht lá, ar an 11 Meán Fómhair 1649, gabhadh an bhaile, tar éis ionsaí fíochmhar le gunnaí móra.
Rinne na parlaiminteoirí sléacht iomlán, sléacht gan trua gan taise ar na ríogaithe. Is cosúil go raibh timpeall 2,700 saighdiúir ríogaí ann ar dtús.[2] Mharaigh na parlaiminteoirí b'fhéidir cúpla céad duine ... nó fiú suas le 3,500 duine, níl a fhios againn. Ach dúirt Cromail féin gur tharla sléacht as éadan.[3][4]
Iompar, cumarsáid agus taitneamhachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iarnród
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhreastail an Iarnród ar an bhaile mór Dhroichead Átha ar dtús ar iarnród ó Bhaile Átha Cliath ar an 25 Bealtaine 1844. Osclaíodh an stáisiún atá ann inniu tar éis an tarbhealach mór trasna Abhainn na Bóinne a chríochnú i 1855.
Sa bhliain 1850, rinneadh Droichead Átha mar acomhal na líne brainse go dtí an Uaimh agus an Seanchaisleán, ach tháinig deireadh leis an tseirbhís paisinéirí seo i 1958.[5][6][7]
Athainmníodh stáisiún Dhroichead Átha mar "MacBride" i 1966.
Ritheann an stáisiún traenacha díreacha anois ar an tseirbhís “Enterprise” ó thuaidh go Dún Dealgan, an tIúr, Port an Dúnain, Lios na gCearrbhach agus Bhéal Feirste, freisin ó dheas go Baile Átha Cliath.
Ceanglaíonn réimse leathan seirbhísí “Commuter” Iarnród Éireann ó Dhroichead Átha le Baile Brigín, Mullach Íde, Acomhal Bhinn Éadair, Stáisiún Uí Chonghaile, Sráid na Teamhrach, Stáisiún na bPiarsach, Dún Laoghaire, Bré, na Clocha Liatha, Cill Mhantáin agus Loch Garman.[8]
Seirbhísí Bus
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Droichead Átha ar cheann de na bailte neamhchoitianta a bhfuil stáisiún bus iarbhír ann. Tá stad Bus Éireann 135951 suite ar an Bhóthar Dún Uabhair i lár Dhroichead Átha. Nascann a sheirbhísí Droichead Átha le Lú, An Mhí, Baile Átha Cliath, Muineachán, Gaillimh.[9][10]
Freastalaíonn cuideachtaí mar "Matthews Coach Hire" agus cóistí príobháideacha eile ar Dhroichead Átha freisin.[11]
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá go leor foirne spóirt iontacha i nDroichead Átha. Is í Drogheda United FC an fhoireann spóirt leis an próifíl is airde i nDroichead Átha. Bhuaigh foireann peile (sacair), an Corn FAI den chéad uair i 2005. Bhuaigh an club Corn Setanta i 2006, agus Sraith na hÉireann den chéad uair i 2007. Bunaithe i 1919 ba chlub neamh-sraithe iad Drogheda United ar feadh a mblianta tosaigh go léir ach ar an Satharn 22 Meitheamh 1963, chuir Club eile i nDroichead Átha - Drogheda F.C. (a bunaíodh i 1962)Toghadh do Shraith na hÉireann nuair a leathnaíodh an tsraith chun dhá fhoireann déag seachas deich gcinn a áireamh. Tugadh ardú céime dóibh le déanaí go príomh-roinn 2021 Sraith na hÉireann ar oíche stairiúil ag sárú Caninteely FC tar éis 2 chúil déanach ó James Brown agus Luke Heeney.[12][13][14]
I Rugbaí, is é Boyne RFC an fhoireann áitiúil. Cruthaíodh é i 1997 tar éis a cónascaim an dá club rathúil ón am Delvin RFC agus RFC Dhroichead Átha. D'imir siad a gcéad chluiche mar chlub i gcoinne Skerries RFC i mBaile Bhriain. D’imir Boyne den chéad uair i Roinn 1 de Shraith Laighean, sa séasúr 1997/98, i gcoinne Chill Chainnigh R.F.C. sa Shamrock Lodge ina chéad chluiche iomaíoch.[15]
Tá cúig chlub de Chumann Lúthchleas Gael i nDroichead Átha: Gormaithe Baile Nua C.L.G[16], Wolfe Tones GFC[17], O'Raghallaigh's GFC[18], Oliver Plunket's GFC[19], and St. Nicholas's GFC[20]
Áiteanna Spéisiúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is baile ársa é Droichead Átha le ardú tionscal turasóireachta ann. Tá suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO aige, Brú na Bóinne, atá suite 8 gciliméadar (5.0 míle) siar ó lár an bhaile. I measc na suíomhanna turasóireachta eile sa cheantar tá:
- Ráth Millmount agus músaem[21]
- Geata barbican Gheata Naomh Laurence c. 1300í[22]
- Cuimhneachán John Philip Holland (dealbh ag comóradh aireagóir fomhuirí)
- Baile cónaithe John Jameson (Níl sé oscailte don phobal), agus rian drioglainne Jameson de thithe meilte ar an mbaile.
- Suíomh Cath na Bhóinne, ionad cuairteoirí
- Scoil Éamonn Ceannt (CBS Naomh Seosamh roimhe seo ag feidhmiú anois mar "Scholars Hotel")
- Teach agus gairdín Beaulieu
- Mainistir Mellifont
- Conair dúlra agus coillte Halla Townley
- Gairdín Banphrionsa Grace Rose i bPáirc Naomh Dominic
- Eaglais Chaitliceach Rómhánach Naomh Peadar, ina bhfuil scrín de Oliver Plunkett
- Séipéal Eaglais na hÉireann Naomh Peadar, ar Chnoc Pheadair
- Gailearaí Highlanes
- Stiúideo Harry Clarke Eaglais Augustinian 'The Passion Window'
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Droichead Átha/Drogheda | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Kenyon, John & Ohlmeyer, Jane (eag.). The Civil Wars, Oxford 1998, lch 98.
- ↑ "Opinion: ‘Cromwell was Framed’ – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-09-11.
- ↑ "Cromwell in Ireland" (en-GB). olivercromwell.org. Dáta rochtana: 2020-09-11.
- ↑ "Drogheda" (en). eiretrains.com. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ "Navan Historical Society - Railway and Railway Stations". www.navanhistory.ie. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ Ewan Crawford Contributors. "Drogheda - RAILSCOT" (en). www.railscot.co.uk. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ Irish Rail. "Drogheda (MacBride) Co. Louth" (en). Irish Rail. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ "Real Time Information - Bus Éireann - View Ireland Bus and Coach Timetables & Buy Tickets". www.buseireann.ie. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ "Drogheda Bus Station – bustimes.org". bustimes.org. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ "Matthews". www.matthews.ie. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ "History" (en-US). Drogheda United F.C. | Home of the Drogs. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-25. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ "Drogheda United manager hails 'three years of hard work' after sealing promotion" (en-GB). Extra.ie (2020-10-28). Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ "drogheda 2 cabinteely 0 - Cuardach Google". www.google.com. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ "History of Boyne, Drogheda & Delvin Rugby Clubs | www.boynerfc.ie". www.boynerfc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-18.[nasc briste go buan]
- ↑ "NewtownBlues.ie". www.newtownblues.louth.gaa.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-09-10. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ "wolfe tones gfc drogheda co louth" (en). Wolfe Tones GFC. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-01. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ "O'Raghallaighs GFC" (as en) (2020-08-30). Wikipedia.
- ↑ "Oliver Plunketts Gaa" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ "St Nicholas | Gaelic Football | Gaelic Football | Fleadh Cheoil 2019" (en). St Nicholas GFC. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-24. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ "Millmount Fort | Drogheda Museum Millmount" (en). www.millmount.net (2018-06-20). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-01. Dáta rochtana: 2020-11-18.
- ↑ Boyne Valley Drive (2019-02-14). "St Laurence's Gate & Drogheda Walls". Boyne Valley. Dáta rochtana: 2020-11-18.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |