Seán Pilib Ó Maolchalann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Pilib Ó Maolchalann

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) John Philip Holland
Beathaisnéis
Breith29 Feabhra 1840
Lios Ceannúir Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Lúnasa 1914
74 bliana d'aois
Newark, New Jersey, New Jersey Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar
Áit adhlacthaHoly Sepulchre Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síMeánscoil na mBráithre, Inis Díomáin
Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Sexton Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreShipbuilding (en) Aistrigh
Gairmfiontraí, mairnéalach fomhuireáin, cumadóir, innealtóir dearaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 22470 Cuir in eagar ar Wikidata

B'innealtóir agus tionscnóir Éireannach é Seán Pilib Ó Maolchalann (nó Ó hUallacháin) (Béarla: John Philip Holland), 29 Feabhra 184012 Lúnasa 1914).[1] Bhí baint mhór aige le dearadh agus le cur chun cinn an fhomhuireáin. Bhí Gaeilge aige ó dhúchas.

Aill na Searrach, láimh le Lios Ceannúir

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

A Shaol in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Seán óg do Sheán Ó Maolchalann agus do Mháire Ní Scanláin i Lios Ceannúir i gContae an Chláir. Ba é Seán an dara mac acu. Tógadh an chlann le Gaeilge, teanga an chontae ag an am. Cois farraige atá Lios Ceannúir, agus bhí athair an Mhaolchalannaigh ina gharda cósta.

Stáisiún na nGardaí Cósta, Lios Ceannúir
An fomhuireán "Holland 1 Class" Submarine, IJN

Níor fhoghlaim an Maolchalannach an Béarla i gceart nó go ndeachaigh sé ar an Scoil Náisiúnta. Sa bhliain 1858 thosaigh sé mar dhalta i scoil na mBráithre Críostaí in Inis Díomáin, agus chuaigh sé san ord é féin ar 15 Meitheamh 1858. Bhí sé ag múineadh i Luimneach agus ina lán áiteanna eile. Is beag suim a bhí sna gnáthábhair, ach bhí sé thar barr ag múineadh dearthóireachta, eolaíochta agus ceoil. Bhí sé go han-mhaith freisin chun mionsamhlacha meicniúla a dhéanamh. Nuair a bhí sé ag múineadh in Inis Córthaidh i gContae Loch Garman tháinig spéis aige san eitleoireacht agus thosaigh sé ag dearadh maisíní eitilte.

Thug a dheartháir Mícheál isteach i mBráithreachas Poblachtach na hÉireann, buíon réabhlóideach, é. Bhí suim ag Seán i mbáid faoi uisce, agus bheartaigh sé féin agus roinnt Fíníneach scéim chun fomhuireán a scaoileadh amach as tóin long thráchta agus long chogaidh Bhriotanach a ionsaí, seift nár tháinig aon toradh uirthi.

Meiriceá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1872 chuaigh a mháthair agus an deartháir ba shine aige, Alfred, go dtí Meiriceá. Lean Seán iad an bhliain chéanna tar éis dó diúltú do mhóideanna deireanacha an oird. B’fhéidir go raibh baint aige seo leis an iarracht a bhí á déanamh fáil réidh le múinteoirí “mí-oiriúnacha”. Tar éis dó tamall a thabhairt ag obair i gcomhlacht innealtóireachta chuaigh sé leis an múinteoireacht arís i Scoil Naomh Eoin i New Jersey.

Sa bhliain 1876 chuir a dheartháir Mícheál in aithne do bhaill de na Fíníní é. Tógadh an “Fenian Ram” in Delamater Iron Works, Nua-Eabhrac, agus lainseáladh í sa bhliain 1881. Bhí sí 31 troigh ar fad, b’fhéidir léi imeacht naoi mile san uair ar barr agus seacht mile san uair faoi uisce, toillíocht 19 tonna aici agus gunna mór faoi uisce aici a scaoiltí le haer comhbhrúite.[2] Airgead de chuid “chiste comhraic” na bhFíníní a dhíol as na trí fhomhuireán is túisce a rinne an Maolchalanach, ach ní raibh ceannairí na heagraíochta ar aon intinn faoi úsáid an airgid agus dá bhrí sin goideadh an “Fenian Ram” sa bhliain 1883, rud ba chúis leis an Maolchalannach scaradh leis na Fíníní.[3]

Níorbh áil leis dul ar ais ag múinteoireacht. Chaith sé seal ina dhearthóir agus seal eile ag obair don Pneumatic Gun Company, comhlacht a thóg fomhuireán sna blianta 1886 agus 1887. An bhliain dheireanach úd phós sé Margaret Foley.

Sa bhliain 1888 d’fhógair Roinn an Chabhlaigh go mbeadh comórtas oscailte ann chun fomhuireán a thógáil, mar a leanas:

  • Luas: 15 cnota ar barr, 8 cnota faoi uisce.
  • Acmhainn maireachtála: fanacht faoi uisce dhá uair an chloig ar luas ocht gcnota, le díol 90 uair an chloig de lón.
  • Éascaíocht láimhseála: í in ann dul timpeall i spás nár mhó ná ceithre huaire chomh mór léi féin.
  • Cobhsaíocht: cumas gnáthshnámhachta aici i gcónaí.
  • Neart cabhlach: í in ann brú a sheasamh 150 troigh faoi uisce.
  • Cumas ionsaithe: toirpéid aici a mbeadh lánán 100 punt de ghunnachadás iontu.
USS Plunger, fomhuireán de chuid Uí Mhaolchalann a lainseáladh sa bhliain 1902

Rug an Maolchalannach an chraobh leis, ach bhí an-mhoill ar an gCabhlach ag dul ar aghaidh, agus chuaigh an Maolchalannach ag treabhadh a iomaire féin. Thóg sé a lán fomhuireán trialach agus bhí fomhuireán uimhir 6 ar an gceann ab fhearr a rinne sé go dtí sin: í 53 troigh ar fad, inneall gáis 45 each-chumhacht aici chun imeacht ar barr agus inneall gáis 45 each-chumhacht faoi uisce. Bhí foireann cúig fhear déag aici agus tiúb toirpéad sa tosach aici. Chuaigh sí faoi uisce i gCaladh Nua-Eabhrac Lá ‘le Pádraig 1898 agus fuair ardmholadh. Sa bhliain 1900, tar éis na ghnáthmhoille, cheannaigh an rialtas í ar $150,000 – deargmhargadh, ó chosain sé a dhá oiread ar an Maolchlannach í a thógáil. Baisteadh USS Holland uirthi, agus ba í sin an chéad fhomhuireán a choimisiúnaigh Cabhlach na Stát Aontaithe.[2]

Fomhuireán Gearmánach den ghrád UC-1 sa Chéad Chogadh Domhanda

Ordaíodh sé cinn eile ón longcheárta chéanna, an Crescent Shipyard in Elizabeth, New Jersey, faoi cheannas chomhpháirtí Uí Mhaolchalann, Arthur Leopold Busch. Is é an comhlacht a fáisceadh as an ngnó seo an "Electric Boat Company", a bunaíodh ar 7 Feabhra 1899. I gceann tamaill bhí ar an Maolchalannach scaradh leis an gcomhlacht toisc gá a bheith aige le caipiteal oibre. Dhear sé fomhuireán nua a bheadh in ann 22 cnota a dhéanamh, ach dhiúltaigh an Cabhlach dó ar chuntar go raibh an luas rómhór faoi uisce. Chuir an Electric Boat Company an dlí air sa bhliain 1905 lena chosc ar dhul ag obair arís mar thionscnóir nó dearthóir fomhuireán.

An Fomhuireán Domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba bheag an mhoill ar thíortha eile an fomhuireán nua a úsáid. Bhí a leagan féin ag an gCabhlach Ríoga (d'ainneoin an rúin a bhí ag an Maolchalannach tráth an cabhlach úd a chur go tóin poill) agus bhí lámh ag Busch i dtógáil fhomhuireáin Chabhlach Impiriúil na Seapáine, soithí a bhí beagán níos toirtiúla ná fomhuireáin Uí Mhaolchalann. Thóg an Maolchalannach dhá fhomhuireán don tSeapáin ar baineadh feidhm astu ag ionsaí na Rúiseach i gcogadh na mblianta 1904-05. Fuair sé bonn Éirí na Gréine ón Impire dá bharr.[2]

Bhí a fhios ag an Maolchalannach cén díobháil a d'fhéadfadh fomhuireáin a dhéanamh i gcogadh, agus dóchas aige go mbacfadh an drochthuar ar dhaoine formhuireáin a úsáid mar arm - dóchas ar mhill an Chéad Chogadh Domhanda é díreach ar uair a bháis.

Sa chuid dheireanach dá shaol d'iompaigh sé ón uisce agus thug a aghaidh ar an aer; bhí trialacha ar siúl aige san eitleoireacht, agus is dócha go dtiocfadh toradh fónta orthu dá mairfeadh sé tamall eile.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor dhearmad an Maolchalannach an chuid ba dhoimhne dá dhúchas: an Ghaeilge. Fáisceadh é as ceann de na Gaeltachtaí ba láidre in Éirinn, agus is amhlaidh go mbíodh sé ag múineadh Gaeilge sna Stáit. Bhí sé ar na Gael-Mheiriceánaigh neamhchoitianta arbh fhiú leo an teanga a shaothrú, cé go raibh an teanga ag meath go tiubh sa bhaile agus é ag dul in aois.

A bhás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cailleadh Seán Pilib Ó Maolchalann in Newark, New Jersey, in aois a cheithre bliana is seachtó, tar éis seacht mbliana is caoga a chaitheamh ag obair ar fhomhuireáin; fear a bhí ina Bhráthair Críostaí seal, ina réabhlóidí, ina mhúinteoir saolta agus ina innealtóir. Tá a uaigh in Totowa, New Jersey.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Encyclopaedia Britannica
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 "Clare People: John P. Holland (1841-1914)". www.clarelibrary.ie. Dáta rochtana: 2021-11-10.
  3. Davies, R. Nautilus: The Story of Man Under the Sea. Naval Institute Press. 1995. ISBN 1-55750-615-9.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]