Dolores O'Riordan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDolores O'Riordan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Dolores Mary Eileen O'Riordan
6 Meán Fómhair 1971
Baile Uí Bhricín Thuaidh (Éire)
Bás15 Eanáir 2018
46 bliana d'aois
Mayfair (an Ríocht Aontaithe)
Siocair bháisBás tionóisceach (Titim)
Áit adhlacthaBaile Hiobaird Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeol agus amhránaíocht
Gairmceoltóir, giotáraí, amhránaí is scríbhneoir, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1989 –  2018
Ball de
SeánraRac malartach, popcheol rac, rac Ceilteach, rac-cheol tíre, jangle pop (en) Aistrigh, popcheol brionglóide, rac indie agus iarghrúinse
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Cineál guthaMeánsoprán

UirlisCeol gutha, uirlis mhéarchláir, giotár, feadóg stáin, fliúit agus maindilín
Lipéad ceoilInterscope Records
Cooking Vinyl
Sanctuary Records
Rounder Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileDon Burton (1994–2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáindoloresoriordan.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0642512 Allocine: 263469
Facebook: Dolores-O-Riordan-113672777931 Twitter: DolORiordan Last fm: Dolores+O'Riordan Musicbrainz: 13c10976-99f1-4cb4-8fbe-56067e91d865 Songkick: 212880 Discogs: 72683 Allmusic: mn0000044252 Find a Grave: 186661244 Cuir in eagar ar Wikidata
26 Márta 2012, Amharclann Enmore, Sydney, An Astráil

B'amhránaí Éireannach í Dolores Mary Eileen O'Riordan (6 Meán Fómhair 1971 i Luimneach - 15 Eanáir 2018 i Londain). An príomhamhránaí sa ghrúpa The Cranberries ab ea í.[1]

Barcelona, 2010-03-13

Bhain Dolores O'Riordan cáil idirnáisiúnta amach leis na Cranberries. Dhíol The Cranberries níos mó ná daichead milliún dlúthdhiosca ar fud an domhain.[2]. Ba ag tús na 1990í a tháinig Dolores agus an banna i mbéal an phobail ar dtús leis na halbaim Everybody Else Is Doing It, So Why Can’t We? agus No Need to Argue agus lean cáil mhór idirnáisiúnta sna blianta ina dhiaidh.

Scríobh O'Riordan cuid mhór de na hamhráin a chan sí í féin. Ba é an bua ba mhó a luaití le rath na Cranberries ná guth binn sainiúil an Ríordánaigh.[3] Bhí glór Dolores an-difriúil, agus chan sí i gcónaí lena blas Éireannach[4]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Dolores ar an 6ú Meán Fómhair 1971 i mBaile Bricín i gContae Luimnigh, an páiste ab óige i gclann seachtair.

Chuaigh sí ar an mbunscoil i gCathair Éile. Ba ar an meánscoil lán-Ghaeilge Cnoc na Labhras i gCathair Luimnigh a d’fhreastail Dolores ina hóige.

B’fheirmeoirí iad a muintir. Baisteadh mar Chaitliceach í agus bhí mór-thionchar ag a creidimh uirthi agus í ag fás suas.

The Cranberries[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh na deartháireacha Maidhc agus Nollaig Ó hÓgáin as Luimneach agus Feargal Ó Leathlobhair ón bPáirtín, Contae an Chláir The Cranberries Saw Us sa bhliain 1989. D'fhág an príomhamhránaí Niall Ó Cuinn an grúpa sa bhliain dár gcionn agus tháinig a chara Dolores isteach sa bhanna.

Bhaineadar cáil idirnáisiúnta amach sa bhliain 1993 lena gcéad albam Everybody Else is Doing It, So Why Can’t We?.

Tar éis iad a gcéad albam, ghearr an grúpa an t-ainm go dtí The Cranberries.

Cé go raibh leanúint láidir ag an mbuíon i Luimneach ar dtús, ba i Meiriceá a bhain siad mór-chlú amach, go mór mór ar chúrsa na n-ollscoileanna. Dhíol an chéad albam go láidir ar dhá bhruach an Atlantaigh agus d’fhoilsigh siad ceithre albam eile ina dhiaidh, "No Need to Argue" (1994), "To the Faithful Departed" (1996), "Bury the Hatchet" (1999) agus "Wake Up and Smell the Coffee" (2001) chomh maith leis an mbailiúcháin “Stars - The Best of 1992 – 2002” (1992).

Is deartháir léi P.S. Ó Ríordáin, bainisteoir na gCranberries.

I ndiaidh na gCranberries[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé nár bhriseadar suas riamh go hoifigiúil, chan na Cranberries le chéile don uair dheireanach sa bhliain 2003 agus lean na baill a spéiseanna pearsanta féin.

Chan Dolores an t-amhrán “Pure Love” leis an Iodálach Zucchero ar an albam “Zu & Co” (2004) agus sa bhliain chéanna d’oibrigh sí leis an gcumadóir Angelo Badalamenti ar fhuaimrian an scannáin “Evilenko” .

Chan Dolores “Mirror Lover” ar albam “Tripomatic Fairytales 3003” le Jam & Spoon.

Chuir sí a céad albam aonair “Are You Listening?” amach i mí Bealtaine na bliana 2007.

Tháinig Irish Women in Harmony ar an bhfód sa bhliain 2020 agus Ruth-Anne Cunningham, an bunaitheoir. An chéad amhrán a chan an grúpa ná ‘Dreams’ le The Cranberries. Dúirt RuthAnne gur inspioráid í Dolores O’Riordan don ghrúpa..[5]

Dolores O'Riordan

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

2010-05-12

Bhí Dolores pósta leis an gCeanadach Don Burton, iarbhainisteoir an ghrúpa Sasanach Duran Duran. Bhí triúr clainne (Taylor, Molly agus Dakota) aici agus leas-mhac (Donnie). Bhí cónaí orthu i mBinn Éadair, Contae Átha Cliath. Chomh maith le sin, Bhí caibín adhmaid aici in Ontario, Ceanada, graí capaill i gCill Mocheallóg, Contae Luimnigh, agus villa saoire i mBenissa na Spáinne.

Gabhadh Dolores tar éis "buile aeir" a tháinig uirthi agus í ag eitilt abhaile ó Nua-Eabhrac ar an 10 Samhain, 2014. Bhí uirthi sé mhíle euro a chur i mbosca na mbocht mar phionós.[6]

Ba bhreitheamh ar The Voice of Ireland í.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba ar an meánscoil lán-Ghaeilge Cnoc na Labhras i gCathair Luimnigh a d’fhreastail Dolores ina hóige. Bhí teach saoire ag Dolores i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne agus bhí aithne mhaith uirthi ann.

Seo agallamh le Dolores O’Riordan Gaeilge ar stáisiún teilifíse Ceanadach nuair a labhair sí Gaeilge (meastar gur ag tagairt don cheantar i gCorca Dhuibhne atá sí san agallamh seo),[7]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 15 Eanáir 2018 i Londain, bhásaigh Dolores go tobann in óstán i Londain. Bá agus meisce na cúiseanna a tugadh le bás an amhránaí. De thionóisc a bádh í, san fholcadán, ar meisce (330 mg alcól / 100 ml), agus 46 bliain d'aois aici ag an am.[8][9]

Tuigtear go raibh sí i Londain le hamhráin a thaifeadadh i stiúideo ansin. San óstán Hilton i bPark Lane a fuarthas a corp.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. irishcentral.com (2019). "[https://www.irishcentral.com/culture/entertainment/irish-language-cranberries-zombie-dolores-oriordan WATCH: A beautiful Irish language tribute to The Cranberries' Dolores O'Riordan This chilling cover version of 'Zombie' by The Cranberries as Gaeilge will give you goosebumps.]". Dáta rochtana: 2021.
  2. RTÉ Nuacht (2018-01-15). "An t-amhránaí clúiteach Dolores O'Riordan tar éis bháis" (as ga). 
  3. "Bá agus meisce na cúiseanna a bhí le bás de thimpiste Dolores O’Riordan – coiste cróinéara" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-15.
  4. Eleathanach 282, 22 Eanáir 2018
  5. maynoothuniversity.ie (14 Meán Fómhair 2020). "Eleathanach 358". Dáta rochtana: 14 Meán Fómhair 2020.
  6. RTÉ Nuacht (2016-02-24). "Ordú tugtha do O'Riordan €6000 euro a íoc" (as ga). 
  7. NÓS. "Nuair a labhair Dolores O’Riordan Gaeilge ar stáisiún teilifíse Ceanadach" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-01-15.
  8. "Cranberries singer O'Riordan died by drowning" (en-GB). BBC News (2018-09-06). Dáta rochtana: 2021-01-15.
  9. Nuacht RTÉ (2018). "Bhí na céadta i láthair inniu ag sochraid Dolores O'Riordan i mBaile Uí Bhricín i Luimneach". Dáta rochtana: 2021.