Dúnmharú George Floyd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Portráid i gcuimhne ar George Floyd sa Mauerpark i mBeirlín le healaíontóir sráide, Bealtaine 2020.

Tharla dúnmharú George Floyd, fear ón gcine gorm, i Minneapolis ar 25 Bealtaine 2002, tar éis do na póilíní é a ghabháil.[1] D'fheac póilín a ghlúin anuas ar a mhuineál ar an tsráid, ar feadh 8 nóiméid agus 46 soicindí. Bhí slua ann ag breathnú ar an eachtra nuair a tachtadh Floyd. Rinneadh scannánú ar an eachtra

Bhí cosúlachtaí idir cás George Floyd agus ionsaithe ciníocha eile, mar shampla cás Amadou Diallo, Sean Bell agus go leor eile.[2]

Imeachtaí dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar dtús, bhí dúnmharú den tríú grád agus dúnorgain den dara grád, de réir dlí Mheiriceá, curtha i leith oifigeach as bás Floyd, Derek Chauvin, póilín den chine geal. Ansin ar 3ú Meitheamh, tháinig méadú cuí ar na cúisimh i leith Chauvin. le cúisiú i ndúnmharú den dara grád.

Protest against police violence - Justice for George Floyd, May 26, 2020 05.jpg

Agóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla agóidí mar gheall ar chás George Floyd sna laethanta ina dhiaidh, taobh amuigh den Teach Bán i Washington DC, chomh maith le Nua-Eabhrac, Bostún, Chicago, Portland, Oregon, Atlanta, Los Angeles agus go leor cathracha eile ar fud na tíre[3].

I dtvuít ar an 29 Bealtaine[4], dúirt an tUachtarán Donald Trump go bhféadfadh sé an Garda Náisiúnta a chur go Minneapolis agus go bhféadfaidís daoine a bhí i mbun creachadóireachta a chaitheamh.[5] Bhí sé tugtha le fios ag Twitter ag an am gur sháraigh an tvuít a gcuid rialacha ar an mbonn gur ag cothú foréigin a bhí sé.

Bhí comhaltaí de Gharda Náisiúnta Mheiriceá curtha ar dualgas i Minneapolis ar 29 Bealtaine.

Cuimhneachán i Minneapolis

Cáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, cáinte. Iar-Rúnaí Cosanta Mheiriceá, James Mattis a rinne an cáineadh is mó, ag rá nach bhfuil tada ón Uachtarán Trump, ach an pobal ansin a scoilteadh.[6] Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar go raibh easpa mór i gceannasaíocht mhorálta sna Stáit Aontaithe i bhfianaise an bhealaigh ar bhásaigh George Floyd.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2020-05-29). "Garda Náisiúnta Mheiriceá ar dualgas i Minneapolis" (in ga). 
  2. "Póilíní Mheiriceá - brúidiúil nó réadúil?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-05-30.
  3. Nuacht RTÉ (2020-06-01). "Cuirfiú sáraithe arís aréir ag léirsitheoirí i Meiriceá" (in ga). 
  4. Donald Trump (29 Bealtaine 2020). "https://twitter.com/realdonaldtrump/status/1266231100172615680" (en). Twitter. Dáta rochtana: 2020-06-02.
  5. Donald Trump (scriosadh an giolc "looting then shooting", is cosúil, ach seo ceann eile) (29 Bealtaine 2020). "https://twitter.com/realdonaldtrump/status/1266434153932894208" (en). Twitter. Dáta rochtana: 2020-06-02.
  6. Nuacht RTÉ (2020-06-04). "Taoiseach cáinteach faoi cheannasaíocht i SAM i bhfianaise Floyd" (in ga).