Jump to content

Dáithí Coimín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDáithí Coimín
Beathaisnéis
Breith13 Bealtaine 1854
Bás21 Feabhra 1907
52 bliana d'aois
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata

Athbheochanóir Gaeilge as Cill Rois, Contae an Chláir ba ea Dáithí Coimín (nó Dáithí Ó Coimín) (1854–1907).[1] Bhí sé ina chomh bhunaitheoir Chumann Buan-Choimeádtha na Gaedhilge agus ina eagarthóir Irisleabhar na Gaedhilge.

I Sraid Anraí, Cill Rois, ar 13 Bealtaine 1854 a rugadh Dáithí. John Comyn agus Keat Hassett ba ea tuistí Dháithí, agus baisteadh é i gCill Rois ar an 14ú Bealtaine 1854.[2] Ba é an t-aon leanbh é.

Scríobh Séamus Ó Dubhghaill (‘Beirt Fhear’) an leabhrán David Comyn 1854–1907 (1926) ach ní deir sé cár cuireadh oideachas air. I Samhradh 1875 bhí sé ina chléireach sa Bhanc Náisiúnta i mBaile Átha Cliath agus casadh an bheirt acu ar a chéile i nDroichead na Bandan mar a raibh an Dubhghailleach ina oifigeach cúnta sa Chustam is Mál. Gaeilgeoir eile, T. B. Griffith, a chuir in aithne dá chéile iad agus is léir go raibh an Coimíneach ag téisclim chun gníomh a dhéanamh ar son na teanga. Cheana féin bhí aithne curtha aige ar an Athair Uileog de Búrca (1829–1887) agus bhí staidéar á dhéanamh aige ar litríocht na Gaeilge agus ar an teanga scríofa.

Cé nár tógadh mar chainteoir dúchais é agus nár bhain sé líofaíocht amach riamh, bhí sé tiomanta go mór do chaomhnú agus D'athbheochan na teanga, agus d'fhorbair sé eolas domhain ar litríocht na Gaeilge I mí na Nollag 1876 bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar an gCumann Buan-Choimeádtha na Gaedhilge (The Society for the Preservation of the Irish Language (SPIL), agus chuir sé roimhe ar an toirt bealaí praiticiúla a aimsiú chun gluaiseacht na teanga a chur chun cinn. Rinne sé dianstocaireacht ar son an Ghaeilge a chur ar na curaclaim do scoileanna náisiúnta agus idirmheánacha, agus sa bhliain 1878 d'éirigh leis an sprioc sin a bhaint amach. Chun cur le múineadh na Gaeilge sna scoileanna, d'fhoilsigh sé 'An Chéad leabhar Gaedhilge- FIRST IRISH BOOK' (1877);<refAn Chéad leabhar Gaedhilge</ref> tharraing an téacs seo (a athchlódh ceithre huaire déag faoi 1879) go mór ar ‘ceachtanna‘ an Chanónaigh Uileog de Búrca, a cuireadh i gcló ar dtús sa Nation.

Ba bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann é, an chéad eagarthóir d'Irisleabhar na Gaedhilge, agus d'eagraíodh agus chuir sé gluaiseanna ar Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn, ar son an Irish Texts Society as Londain.

Faoin mbliain 1901, bhí cónaí air ag 43 Cearnóg Brighton i Ráth Maonais.[3]

Fuair sé bás sa bhaile de bharr ciorróise ar an 22ú Eanáir 1907. Adhlacadh é i Reilig Ghlas Naíon.[4] D'fhág sé eastát le luach £4,464 12s. 9d.[5] D'fhág sé a chuid leabhar agus lámhscríbhinní ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.[6]

Tá Gaelscoil Uí Choimín ina pharóiste dúchais ainmnithe as.[7]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]