Cumann Buan-Choimeádtha na Gaedhilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Buan-Choimeádtha na Gaedhilge
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1876

Bunaíodh Cumann Buan-Choimeádtha na Gaedhilge[1] nó an Society for the Preservation of the Irish Language i mBaile Átha Cliath ar an 29 Nollaig 1876. D’eascair an Cumann as athbheochan na Gaeilge ag deireadh an 19ú céad, tráth a raibh baol ann go bhfaigheadh an Ghaeilge bás.

George Sigerson

Bunú[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na mbunaitheoirí, bhí Brian Ó Luanaigh (1828–1901),[2] Seán Aibhistín De Grás (1800–1886),[3] Seóirse Sigerson (1836 - 1925) agus Thomas O'Neill Russell.[4] Bhí Ard-Easpag Thuama, Seán Mac Éil (1789 – 1881) ina phátrún air.

Chuir an Cumann caomhnú na teanga chun cinn i gceantair ina raibh an Ghaeilge á labhairt, agus é ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an oiread daoine agus ab fhéidir, le súil is go méadófaí an líon daoine a bhí inniúil ar an teanga.[5]

Chuir lucht an Chumainn béim ar Ghaeilge chomhaimseartha a úsáid, murab ionann agus na modhanna ársa a chleacht roinnt dreamanna eile.

Scríobh Dubhghlas de hÍde sa bhliain 1937;

"..tháinig cruinniughadh beag de dhaoinibh measamhla le chéile ag Bachelor's Walk, lá 'le Pádraig, 1877, nuair chonnaic an Society for the Preservation of the Irish Language solus an lae. Do bhí mo chara an doctúir Seóirse Sigerson ann, agus Ó Néill Ruiséal agus Diarmuid Seosamh Mac Suibhne ó'n Acadamh Ríoghamhail Éireannach, agus Seosamh Ó Longáin, agus Brian Ó Luanaigh, agus Séamus Ó Conchubhair fear eagair an Éireannaigh, do bhí ina fheisire'na dhiaidh sin, agus daoine eile. Is féidir a rádh gan amhras gurbh' é seo an chéad iarracht do rinneadh chum na daoine coitcheannta do tharraing isteach i gcúis na Gaedhilge. Do bhí fear poilitidheachta ann a raibh cáil air mar ughdar Béarla, agus do labhair seisean i n-aghaidh cumann de'n tsort do chur ar bun agus do bhí fear cúramach eile nac leigfeadh a ainm do bheith ar liosta ar eagla nach n-éireóchadh leis an gCumann. Acht d'éirigh go maith leis, agus níor bhfada go dtugadar leabhra beaga saora amach chum Gaedhilg d'fhoghluim."

Douglas Hyde, 1903, ach 16 bliain sa bhliain 1876, agus "bunaitheoir" dar leis

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge ar na chéad dreamanna a rinne éileamh ar na Coimisinéirí go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar aitheanta ag an gcóras oideachais.[6]

I dtús na bliana 1878, thosaigh an Cumann ar a bhfeachtas chun aitheantas a bhaint amach don Ghaeilge mar ábhar breise sna Scoileanna Náisiúnta. Thagair an Cumann don mhéid a bhí le rá ag P. J. Kennan, Coimisinéir Oideachais sa 22ú tuairisc bhliantúil a d’fhoilsigh na Coimisinéirí Oideachais:

"The census returns show that upwards of a million and a half, or 23.3 per cent of the population, spoke Irish in the year 1851. The National system is every year diminishing this number. Even in places where all social communication is carried on in Irish, and where in short, few or none of the adult population know a word of English, the language of the National Schools, the books, the teachings, &c., are entirely English. The children of parents who at present speak Irish only, will, through the course of Education pursued in the National Schools and the experience of home, speak English and Irish when they grow up; but their children will, in nine cases out of every ten, speak English only".[7]

Lean an Cumann ag áiteamh ar na Coimisinéirí Oideachais go raibh sé riachtanach aitheantas a thabhairt don Ghaeilge agus go raibh sé de cheart ag Éireannaigh go mbeadh oideachas ar fáil dá gcuid páistí ina dteanga dhúchais féin. Mar thoradh ar fheachtas láidir an Chumainn, glacadh leis in 1878 go mbeadh cead an Ghaeilge a mhúineadh mar ábhar breise taobh amuigh de ghnáthuaireanta teagaisc na scoile do pháistí i rang 5 agus 6.

Mar sin, leag an t-eagras bunchloch na hAthbheochana i measc an phobail agus sa státchóras go háirithe.[8] D’éirigh le Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge aitheantas a ghnóthú don Ghaeilge ar gach leibhéal den chóras oideachais ón mbunscolaíocht go dtí an ollscolaíocht.[9] Ag an am céanna, bhí easpa éifeachta ag baint leis na bunaitheoirí, agus fíorbheagán Gaeilge acu.[10]

Scoilt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1878, d’fhág na hoibrithe ba dhíograisí Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge chun Aontacht na Gaeilge a bhunú, mar shampla Dáithí Coimín (1854–1907).[11] Ba é a d’ullmhaigh an tsraith de théacsleabhair bheaga shimplí do Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge, in ainneoin nach raibh eolas na teanga labhartha aige.

Ansin sa bhliain 1893, bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh, agus daoine eile, Conradh na Gaeilge.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""Cumann Buan-Choimeádtha na Gaedhilge"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-07-04.
  2. "Ó LUANAIGH, Brian (1828–1901)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-12-29.
  3. "DE GRÁS, Seán Aibhistín (1800–1886)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-12-29.
  4. "Thomas O'Neill Russell" (as en) (2019-09-30). Wikipedia. 
  5. Aoife Whelan. "An Ghaeilge" (ga-IE). Dáil100 | Houses of the Oireachtas. Dáta rochtana: 2020-12-29.
  6. Peadar Ó Flatharta, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (cogg.ie) (2007). "Struchtúr Oideachais na Gaeltachta". Dáta rochtana: 2020.
  7. "Annual Report of the Commissioners of Education' (1879), i Tony Crowley, Dr Tony Crowley (S Editor) (2002-09-11). "The Politics of Language in Ireland 1366-1922: A Sourcebook" (as en). Routledge. 
  8. Máirtín Ó Murchú. "Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge: Tús an Athréimnithe (Clúdach Crua) | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-09. Dáta rochtana: 2020-12-29.
  9. "Stair na Gaeilge | An Ghaeilge & An Ghaeltacht" (ga). Údarás na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2020-12-29.
  10. Máirtín Ó Murchú. "Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge: Tús an Athréimnithe" (ga-IE). Cois Life. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-07. Dáta rochtana: 2020-12-29.
  11. "COIMÍN, Dáithí (1854–1907)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-12-29.