Dáire Dreachleathan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dáire Drechlethan)
Infotaula de personaDáire Dreachleathan

Rí na Teamhrach de réir an ríliosta le fáil i mBuile Choinn ba ea Dáire Dreachleathan (Sean-Ghaeilge Dáire Drechlethan). Is deacair ámh é a aithint le haon rí na Teamhrach le fáil sna seanscéalta Gaelacha, toisc go bhfuil a leasainm taifeadta ach go huathúil sa chorpus atá ar marthain. Moladh le déanaí ámh triúr iarrthóirí:[1][2] Dáire Doimthech, Dáire mac Cormaic agus Dáire Barrach.

Dáire Doimthech[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Dáire Daimhtheach mac Iotha,[3] rí cáiliúil na Teamhrach i seanscéalta na nGael, an t-iarrthóir is dóichí. Bhí cuid mhaith dá mhuintir, na DáirineCorcu Loígde (gaolmhar mar a chreidtear leis na hÉarainn), ina ríthe cumhachta na Teamhrach le linn na ré luath-stairiúla, rud nárbh fhéidir le tiomsaitheoirí Uí Néill an liosta a shéanadh. Faightear sliochtach (nó sinsear, b'fhéidir) Dháire, Mac Con mhic Lughaidh Laidhe, sa liosta fosta.

Glaoitear go minic Dáire Síorchréachtach nó Síordréachtach ar Dháire sna seanscéalta agus ginealaigh, áit a bhfuil sé ina phearsa shuntasach sinseartha. Os a choinne sin, measann scoláirí ar thaobh T. F. O'Rahilly agus a chuid teoiricí stairiúla gur dia sinseartha na nÉarainn é.[4]

Dáire mac Cormaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Dáire mac Cormaic mhic Airt, luathsinsear Uí Néill, an chéad iarrthóir eile. Cé nach luaitear é sna seanscéalta mar rí na Teamhrach, moltar é de dheasca chlaonadh Bhuile Choinn, mar a shíltear, ar son an Dáil Choinn.[5][6]

Dáire Barrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Dáire Barrach mac Cathair Mhóir, sinsear eapainmneach Uí Bhairrche, rítheaghlach Laighean, an dara hiarrthóir eile. Cé nach luaitear é mar rí na Teamhrach sna seanscéalta, tugtar faoi ndeara gur ghabh Uí Néill na tailte that timpeall uirthi! óna Laigin, agus gur dócha gur fágadh roinnt ríthe laighnigh na Teamhrach ar lár ó BCC. Sa dán Laighneach na ríthe Nidu dír Dermait, feictear a mhac, Muireadach Sníthe, agus a gharmhac Maonach, mar ríthe na Teamhrach.[7] Féach freisin ámh Laidcenn mac Bairchid.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Breathnach agus Murray, ll. 89-90
  2. Mac Shamhráin agus Byrne, ll. 168-9
  3. Breathnach agus Murray
  4. O'Rahilly, ll. 48 ff.
  5. Mac Shamhráin agus Byrne, lch. 168
  6. Is é sin léamh amháin, ar a laghad. Ní fios cérbh é fíorchuspóir an údair nó na n-údar den 7ú-8ú haois.
  7. Mac Shamhráin agus Byrne, lch. 169