Craoltóireacht trí Ghaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tosaíodh ar chraoltóireacht trí Ghaeilge nuair a bunaíodh 2RN (stáisiún raidió Shaorstát Éireann agus réamhtheachtaí Radio Éireann) sa bhliain 1926. I dtús báire níor craoladh mórán i nGaeilge agus ní raibh raon tarchuir an stáisiúin an-leathan, ach ó na 1940í ar aghaidh tháinig méadú suntasach ar raon tarchuir agus líon craoltaí Gaeilge a bhí le cloisteáil ar an stáisiúin. Is iomaí sin clár Gaeilge a bhí dírithe ar fhoghlaimeoirí na teanga sna blianta úd, ach chomh maith leis sin rinneadh leagan Gaeilge de chláir Bhéarla a bhí á gcraoladh ag an uair chéanna. Le linn an Dara Cogadh Domhanda tháinig méadú ar líon na gcraoltaí Gaeilge ar na haerthonnta, agus ní as Éirinn amháin a tháinig sé seo; rinne na Naitsígh roinnt craoltaí i nGaeilge féachaint dea-mhéin i leith na Gearmáine a chothú i measc mhuintir na hÉireann.

Is sa bhliain 1972, sna sála ar Ghluaisteacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta, a bunaíodh Raidió na Gaeltachta mar chuid de Radio Telefís Éireann (RTÉ]). Ba é an chéad stáisiún raidió Gaeilge é; Raidió na Life is ea an dara stáisiún raidió a bunaíodh go hoifigiúil. Tháinig an ceann deireanach acu seo ar an saol sa bhliain 1993 nuair a tugadh ceadúnas dó chun freastal a dhéanamh ar limistéar Átha Cliath. Bíonn Raidió na Gaeltachta ag craoladh ceithre uair an chloig fichead sa lá, seacht lá sa tseachtain; bíonn craol-ama níos teoranta ag Raidió na Life. Go dtí 2006 bhí cosc ar Raidió na Gaeltachta ar Bhéarla a chraoladh (fiú amháin in amhráin), ach cuireadh deireadh leis sin nuair a cuireadh tús leis an gclár don aos óg, Anocht FM; craolann Raidió na Life amhráin Bhéarla chomh maith.

Craoltar cláir Ghaeilge ar dornán de stáisiún raidió ar fud na tíre. Bhí an clár Gaeilge 'Splanc' á chraoladh uair sa tseachtain ar stáisiún náisiúnta Newstalk, ach cuireadh deireadh leis mí na Nollag 2008. I mBéarla atá formhór chlár RTÉ; bíonn corrchláir Ghaeilge ar Radio 1. San Acht um Údarás Craolacháin, 1960, leagtar síos go "[g]coimeádfaidh [RTÉ] i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus déanfaidh sé dícheall ag cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích." Ina ainneoin sin níor chraol RTÉ mórán clár Gaeilge ar a chainéal teilifíse ón uair a cuireadh tús leis an tseirbhís teilifíse i 1961. Ní mó ná sásta a bhí roinnt mhaith cainteoirí Gaeilge i ngeall air seo agus le linn na 1970í agus na 1980í iarradh roinnt uaireanta ar rialtas Poblacht na hÉireann teilifís Gaeilge nó teilifís Gaeltachta a bhunú agus eagraíodh agóidí agus feachtas chuige sin, ach níor tháinig aon toradh ar na hiarrachtaí sin go dtí 1996, tráth ar bunaíodh Teilifís na Gaeilge nó 'TnaG' ('TG4' a athbhaisteadh ar an gcainéal sa bhliain 1999). Mícheál D. Ó hUiginn (Lucht Oibre) agus roimhe sin, Máire Geoghan-Quinn (Fianna Fáil) na hairí is mó bainte acu le bunú na seirbhíse seo.

Chomh maith le cláir Ghaeilge, craoltar neart clár Béarla ar TG4 d'fhonn lucht féachana níos mó a mhealladh. Faoi láthair craoltar sé uair an chloig de chláir Ghaeilge (idir ábhar nua agus athchraoltaí) sa lá.

I dTuaisceart Éireann craoltar líon beag clár Gaeilge ar BBC Raidió Uladh agus BBC Raidió an Fheabhaill, agus ar an teilifís ar BBC Thuaisceart Éireann. Tá teacht sa taobh sin tíre ar chomhartha craoltóireachta RTÉ, ach níl teacht chomhartha craoltóireachta TG4 go fóill.

Mí Meán Fómhair 2006 thosaigh Raidió Fáilte ar a bheith ag craoladh as Béal Feirste. Tá sé ar an gcéad stáisiún raidió Gaeilge a bunaíodh go hoifigiúil i dTuaisceart Éireann.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An tAcht um Údarás Craolacháin, 1960 Curtha i gcartlann 2007-08-20 ar an Wayback Machine
  • Ó Connell, Eithne; Walshe, John; Denvir, Gearóid (eagarthóirí), Tg4@ 10: 10 mbliana de TG4, Cló Iar-Chonnachta (2008)
  • Watson, Iarfhlaith, 'Broadcasting in Irish', The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)
  • Watson, Iarfhlaith, Broadcasting in Irish: Minority language, radio, television and identity, Four Courts Press (2003)
  • Wills, Claire, That Neutral Island, Faber and Faber (2007)