Corto Maltese

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesCorto Maltese

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsraith úrscéalta grafacha
Cárta innéacs
ÚdarHugo Pratt
Am tosaigh1967 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
FoilsitheoirCasterman Cuir in eagar ar Wikidata
Foilsithe iSgt. Kirk
Pif Gadget (1970–1973) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmniúcháin agus gradaim
Gradaim

Suíomhcortomaltese.com Cuir in eagar ar Wikidata

Sraith úrscéalta grafacha is ea Corto Maltese atá bunaithe ar an mairnéalach agus fear eachtraíochta ficseanúil den ainm céanna. Is é an cartúnaí Iodálach Hugo Pratt a chruthaigh an carachtar in 1967. Aistríodh an tsraith Corto Maltese go teangacha éagsúla, an Ghaeilge ina measc.

Stair a Foilsithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús leis an tsraith le Port na Farraige Goirt (Iodáilis: Una ballata del mare salato), sa chéad eagrán den mhíosachán Il Sergente Kirk i mí Iúil.[1] Smuigleálaithe agus foghlaithe mara i ndeisceart an Aigéin Chiúin roimh thús an Chéad Chogaidh Dhomhanda atá mar chúlra leis an scéal. I 1970, d’aistrigh Pratt go dtí an Fhrainc agus thosaigh ag obair ar shraith scéalta gearra Corto Maltese don iris Franca-Beilgeach Pif Gadget. I 1974 d’fhill sé ar na scéalta fada, agus chuir sé Corto i 1918 go dtí an tSibéir sa scéal Corte sconta detta arcana (Corto Maltese sa tSibéir), a foilsíodh i bhfoirm sraithe ar dtús san iris Linus.

I 1976, foilsíodh Port na Farraige Goirt i bhfoirm leabhair, agus bronnadh an duais don saothar réalaíoch eachtrannach dó ag Féile Angoulême i 1976.[2]

Lean Pratt air ag foilsiú scéalta nua as sinn go dtí 1989 nuair a foilsíodh an leabhar deireanach leis, Mu.

An Carachtar[cuir in eagar | athraigh foinse]

As Corte Malteses na Veinéise (Sráid na Maltach), is é sin Corte Contarini del Bovolo, atá gar do Palazzo Contarini del Bovolo) a hainmníodh an carachtar Corto Maltese, is cosúil. Captaen mara gearr-abartha é atá i mbun eachtraíochta i dtús an 20ú hAois (1900-1920dí). Déantar cur síos air mar "rógaire, a bhfuil croí órga aige", agus tá bá ar leith aige leis an té a mbuailtear cois air. I Valletta a saolaíodh é ar an 10 Iúil 1887, mac le mairnéalach as Corn na Breataine agus bean feasa nó striapach de chuid ghiofóga na hAndalúise ar a dtugtar "La Niña de Gibraltar". Ina bhuachaill óg dó i gceantar na nGiúdach i gCórdoba, chonaic Corto nach raibh líne chinniúna ina dhearna aige agus ghearr sé líne ann le rásúr, agus é meáite ar a chinniúint féin a roghnú. Cé go bhfanann sé neodrach go polaitiúil, tá luí aige leis an gcosmhuintir agus leis an dream atá faoi leatrom. Tá a charachtar bunaithe ar an bhfear eachtraíochta, ar an údar, agus ar an taiscéalaí Polannach Ossendowski, fear a bhí páirteach le Roman von Ungern-Sternberg.

Léiriú atá sa charachtar ar an amhras atá ar an údar roimh sheasamh náisiúnach, idéalaíoch nó reiligiúnda. Déanann Corto cairdeas le gach uile chineál duine, léithéidí an dúnmharfóra Raspúitín (fear nach bhfuil gaol ar bith aige leis an bpearsa stairiúil, cé is moite dá chosúlacht), an Sasanach uasaicmeach Tristan Bantam, an bandraoi vúdú Béal Órga agus an scoláire Seiceach Jeremiah Steiner. Castar pearsana stairiúla air freisin, leithéidí Jack London, Ernest Hemingway, Hermann Hesse, Butch Cassidy, James Joyce, Gabriele D'Annunzio, Frederick Rolfe, Joseph Conrad, Sukhbaatar, John Reed, an ginearál Roman von Ungern-Sternberg, Enver Paiseá na Tuirce, agus Sergei Semenov (atá bunaithe ar Ghrigory Semyonov). Tá an-mheas ag a chuid cairde air, agus in An Teach Órga i Samarkand is le glao gutháin chuig Josef Stalin a shaortar é nuair atá sé i mbaol a lámhaigh ar theorainn na Tuirce is na hAirméine.

Is é Utopia Thomas More an leabhar is ansa le Corto, cé nach gcríochnaíonn sé riamh í. Tá leabhair le London, Lugones, Stevenson, Melville agus Conrad léite freisin aige.

Chomh maith le heachtraí staire tá fantaisíocht freisin sa tsraith. Tá Corto i láthair nuair a leagtar eitleán an Bharúin Dheirg, cabhraíonn sé leis na Jivaro i nDeisceart Mheiriceá, agus teitheann sé ó na Faisistigh sa Veinéis, ach cabhraíonn sé freisin le Tristan Bantam teacht ar mhór-roinn bháite Mu.

Go croineolaíoch, is le linn an Chogaidh Rúisea-Seapánach a suitear an chead eachtra dá chuid, La giovinezza (An Óige). Sna húrscéalta eile tá sé páirteach in áiteanna éagsúla sa Chogadh Mór, tá sé páirteach i gCogadh Cathartha na Rúise tar éis Réabhlóid Dheireadh Fómhair, agus tá sé san Iodáil i dtús ré an Fhaisisteachais. I sraith eile le Pratt, Gli Scorpioni del Deserto (Scairpeanna an Fhásaigh) deirtear gur imigh sé gan tásc sa Spáinn le linn an Chogaidh Chathartha.

Croineolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

An dá úrscéal grafach déag in ord croineolaíochta. Tugtar na teidil i bhFraincis agus in Iodáilis. Is iad Casterman a d’fhoilsigh na heagráin Fraincise, agus Edizioni Lizard a d’fhoilsigh na heagráin Iodálacha.

  • 1905 La Jeunesse (Fraincis, 1981); La giovinezza (Iodáilis, 1983)
  • 1913–1915 Una ballata del mare salato/La ballade de la mer salée (Fraincis/Iodailis 1967–1969); Port na Farraige Goirt (Gaeilge, 2014)
  • 1916–1917 Sous le signe du Capricorne (Fraincis, 1971)
  • 1917 Corto toujours un peu plus loin (Fraincis 1970–1971)
  • 1917–1918 Les Celtiques (Fraincis, 1971–1972)
  • 1918 Les Éthiopiques (Fraincis 1972–1973)
  • 1918–1920 Corte sconta detta Arcana (Iodáilis, 1974–1975), Corto Maltese en Sibérie (Fraincis)
  • 1921 Favola di Venezia - Sirat Al-Bunduqiyyah (Iodáilis, 1977); Fable de Venise (Fraincis)
  • 1921–1922 La maison dorée de Samarkand/La Casa Dorata di Samarcanda (Fraincis/Iodáilis, 1980); An Teach Órga i Samarkand (Gaeilge)
  • 1923 Tango... y todo a media luz' (Iodáilis, 1985)
  • 1924 Le Elvetiche - Rosa alchemica (Iodáilis, 1987; Les hélvétiques (Fraincis)
  • 1925 Mu (Iodáilis, 1988–1989; Fraincis, 1992).

Athchóirithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 1975–1977, léirigh Secondo Bignardi sraith Corto Maltese don chlár teilifíse Supergulp, fumetti in TV! ar an RAI.[3]

I 2002 léiríodh an scannán beochana Fraincise Corto Maltese: La Cour secrète des Arcanes, bunaithe ar an úrscéal Corte sconta detta arcana. Sa bhliain chéanna léirigh Canal + sraith Corto Maltese don teilifís, bunaithe ar na scéalta La Ballade de la mer salée, Sous le signe du Capricorne, Les Celtiques agus La Maison dorée de Samarkand.

D'eisigh lo Scarabeo paca cártaí tarot Corto Maltese in 2008.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 100 Leabhar an Chéid do Port na Farraige Goirt.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fonótaí
  1. "Hugo Pratt".
  2. "Le Palmarès 1976" (Fraincis). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-03-13. Dáta rochtana: 2014-02-25.
  3. "Corto Maltese" (Iodáilis).
  4. "Iontráil Aeclectic Tarot do Tarot Chorto Maltese".
  5. "Le Monde: 100 Leabhar an Chéid" (Fraincis).

Nascanna Seachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]