An Teach Órga i Samarkand

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAn Teach Órga i Samarkand
Cineálcomic book album (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarHugo Pratt Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Carachtair
Cuid den tsraith
Corto Maltese Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéal grafach sa tsraith Corto Maltese is ea An Teach Órga i SamarkandLa Casa dorada di Samarkand (Iodáilis) agus La Maison dorée de Samarkand (Fraincis), scríofa agus deartha ag Hugo Pratt. Foilsíodh an chéad sliocht as An Teach Órga i Samarkand i ndubh agus bán san iris Faincise À Suivre i mí Lúnasa 1980, agus foilsíodh an leabhar ina iomláine in Iodáilis agus i bhFraincis sa bhliain 1986.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuirtear tús leis an scéal i mí na Nollag 1921 i Ródas sa Mheánmhuir agus tagann sé chun críche i mí Meán Fómhair 1922[1] ar an teorainn idir an Afganastáin agus an India. Tá Corto sa tóir ar órchiste Chíoras II na Peirse— a chuir Alastar Mór na Macadóine i bhfolach — agus é i ag iarraidh teacht i gcabhair ar a chara Raspúitín, príosúnach atá á choinneáil sa phríosún i Samarkand ar a dtugtar “An Teach Órga”[2]. Chun é seo a bhaint amach caithfidh sé trí stát nua a thrasnú — Poblacht na Tuirce, an tAontas Sóivéadach, agus an Iaráin faoi cheannas Reza Pahlavi — agus é ina chogadh dearg thart timpeall air.

Cúlra Staire[cuir in eagar | athraigh foinse]

San úrscéal castar roinnt pearsana stairiúla orainn: uachtarán nua na Tuirce Mustafa Kemal Atatürk, an ginearál Turcach Enver Bey (nó Enver Paiseá) — fear a bhí ar dhuine de na daoine ba chiontaí as Cinedhíothú na nAirméanach i 1915 — agus Iósaf Stailín, a bhí ar dhuine de lucht ceannais na Rúise ag an am. Bhí cúlra staire an úrscéil ina ábhar do chlár teilifíse sa tsraith ‘’Le Dessous des Cartes ar Arte’’[3].

Aitheantas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh fáilte forleathan roimh fhoilsiú an leabhair, agus foilsíodh trí alt éagsúla le Thierry Groensteen, Yves Mayence agus Arnaud de la Croix faoin teideal ‘L'Indispensable : La Maison dorée de Samarkand’ in ‘’Les Cahiers de la bande dessinée’’ uimh 72, Samhain-Nollaig 1986, lgh 4-5.

Leagan Teilifíse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léiríodh scannán beochana den úrscéal grafach ‘’La Maison dorée de Samarkand’’ ar Canal+ in 2003, agus eisíodh an scannán ar DVD an bhliain chéanna.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fonótaí
  1. Is as Mémoires de Corto Maltese, Michel Pierre, Casterman, 1988 a tógadh na dátaí
  2. Tugtar an t-ainm sin air mar nach féidir éalú as ach trí bhithín na mbrionglóidí órga a mhúsclaíonn an haisis.
  3. Le dessous des cartes : Corto Maltese : voyage en Asie Centrale le Jean-Christophe Victor agus Frédéric Lernaud (2001) (léirithe ag ARTE France) 10 nóim 40 26/01/2002