Cinedhíothú na nAirméanach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Airméanaigh á bpríosúnú i Mezireh. Kharpert, An Airméin, 1915.

Is é Cinedhíothú na nAirméanach an ródach a rinneadh ar phobal Airméanach na Tuirce sna blianta 1915-17, nuair a bhí páirtí na dTurcach Óg i gceannas ar Impireacht Otamánach[1].

Cúlra Stairiúil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Roimh réabhlóid na dTuirceach Óg, bhí na hAirméanaigh faoi choimirce an tSabhdáin mar mhionlach dleathach. Cé nár chinntigh an dlí Ioslamach cothrom na Féinne do na mionlaigh reiligiúnda, bhí siad i dteideal a gcirt agus a gcosanta. Mar sin féin, rinneadh géarleanúint ar na hAirméanaigh ó am go ham, go háirithe sna blianta 1894-1897.

Go gairid roimh an Chéad Chogadh Domhanda, tháinig na Turcaigh Óga, rúnchumann réabhlóideach náisiúnaíoch, i gceannas ar Impireacht na Tuirce. Ar dtús, bhí eagraíochtaí polaitiúla Airméanacha ann agus iad ag tacú leis na Turcaigh Óga, nó shíl siad gur dul chun cinn a bhí ann. De réir a chéile, áfach, tháinig sé chun solais go raibh réabhlóid na dTurcach Óg bunaithe ar náisiúnachas eisiach Tuirceach.

Sa Chéad Chogadh Domhanda, chuaigh na Turcaigh leis an nGearmáin agus chuir siad cogadh ar an Rúis Impiriúil leis na críocha a fháil ar ais a bhí caillte ag Impireacht na Tuirce. D'ionsaigh na Turcaigh na críocha Tras-Chugasacha, ach bhris na Rúisigh an cath orthu i Sarikamis i dtús na bliana 1915. Ba é an tátal a bhain Mehmet Talat Paşa, Aire Gnóthaí Inmheánacha na Tuirce, as an scéal go raibh na hAirméanaigh ag comhoibriú leis na Rúisigh, agus d'ordaigh sé daonra Airméanach na hAnatóile Thoir a athlonnú go dtí an Mheasapótaime agus an tSír.

Na sluachampaí agus na bealaí eatarthu
Rafael de Nogales Méndez (1879-1936), le Veiniséala n-oifigeach a bhí san arm Ottoman, scríobh cuntas mionsonraithe ar an massacres ina leabhar "Cuatro años bajo la media luna"

An Cinedhíothú[athraigh | athraigh vicithéacs]

D'iompaigh an t-"athlonnú" seo ina chinedhíothú a bhí cosúil leis an Uileloscadh féin. Cuireadh campaí géibhinn ar bun do na hAirméanaigh, agus bhí siad á marú, á n-éigniú agus á gcreachadh ag sibhialtaigh Thurcacha. Ní dhearna na saighdiúirí Turcacha a dhath leis an mbrúidiúlacht seo a stopadh - a mhalairt ar fad, bhí siad páirteach inti go minic. In áiteanna, maraíodh Airméanaigh le gás nó le nimh de chineál eile. Ón taobh eile de, bhí bá ag a lán sibhialtach Turcach leis na hAirméanaigh nuair a chonaic siad an ródach ag siúl ar dhaoine neamhurchóideacha, agus d'uchtaigh siad cuid mhór páistí Airméanacha le hiad a tharrtháil.

Cinedhíothú na nAirméanach agus an tUileloscadh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí cinedhíothú na nAirméanach ina réamh-mhúnla don Uileloscadh ag Adolf Hitler ina dhiaidh sin. Cé go raibh an cinedhíothú seo i mbéal an phobail go gairid tar éis an Chéad Chogadh Domhanda, rinneadh dearmad de go sciobtha, agus dá réir sin, bhí Hitler den tuairim go bhféadfadh sé pobal Giúdach na hEorpa a mharú gan a chloigeann a bhuaireamh faoi thuairim phoiblí an domhain. Wer redet heute noch von der Vernichtung der Armenier?, a dúirt sé - "an bhfuil aon duine ag trácht ar chinedhíothú na nAirméanach i gcónaí?"

Bhí na Airméanaigh ina gcónaí in oirthear Impireacht na Tuirce

Cinedhíothú na nAirméanach sa Litríocht agus sna Scannáin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Téama tábhachtach is ea é an cinedhíothú seo i litríocht na nAirméanach féin, ar ndóigh. Thairis sin, áfach, scríobh Franz Werfel an t-úrscéal clúiteach Die vierzig Tage des Musa Dagh faoi. Lenár linn féin, bhí cinedhíothú na nAirméanach á phlé ag an stiúrthóir Ceanadach Atom Egoyan ina scannán Ararat. Is féidir cuntas gearr ar an gcinedhíothú a léamh i leabhar Robert Fisk The Great War for Civilisation : The Conquest of the Middle East.

Conspóidí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Téarma conspóideach é ‘Cinedhíothú na nAirméanach’. Ní ghlacann an Tuirc leis ar chor ar bith[2] toisc, a deir Iostanbúl inniu, nár beartaíodh bás an mhilliúin go leith Airméanach a d’éag roimh ré (mar a tharla i gcás cinedhíothú na nGiúdach). Glaonn na Turcaigh ‘Eachtraí 1915’ ar ar tharla.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]