Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2021 (COP26)
| ||||
Téacs mana | Together for the planet | |||
---|---|---|---|---|
Cineál | recurrent event edition (en) United Nations Climate Change conference (en) | |||
Tréimhse | 31 Deireadh Fómhair - 13 Samhain 2021 | |||
Uimhir eagrán | 26 | |||
2022 → | ||||
Príomhábhar | téamh domhanda | |||
Suíomh | Glaschú, Scotland SEC Centre, Scotland (en) | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Eagraí | Rialtas na Ríochta Aontaithe agus Rialtas na hIodáile | |||
Líon na rannpháirtithe | 40,000 | |||
Sprioc | 1.5 degree Celsius climate target (en) | |||
Cúis | téamh domhanda | |||
Is cúis le | Glasgow Climate Pact (en) | |||
Meán cumarsáide | ||||
Suíomh gréasáin | ukcop26.org | |||
Haischlib | #COP26 | |||
Cuireadh tús leis an 26ú ceann de Chomhdhálacha na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, 2021 (COP26) ag Cruinniú Mullaigh na gCeannairí Domhanda an 1 Samhain 2021.[1] Ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 12 Samhain, tháinig an 197 bpáirtí i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) le chéile ag COP26 i gcathair Ghlaschú (na measc sin, an tAontas Eorpach agus Éire).[2]
Beartaíodh i dtosach í do 2020, ach cuireadh siar í ar feadh bliana mar gheall ar phaindéim COVID-19.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí breis is 120 ceannaire stáit i láthair ag an ócáid seo atá eagraithe ag na Náisiúín Aontaithe. Ní raibh Uachtarán na Síne, Xi Jinping agus Uachtarán na Rúise,Vladimir Putin ar a gcumas a bheith i láthair go pearsanta.[3]
Rinneadh athbhreithniú ar an dul chun maidir leis na gealltanais mhóra i gComhaontú Pháras, agus an sprioc chun an téamh domhanda a choinneáil i bhfad faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus leanúint dá n-iarrachtaí teorainn 1.5°C a chur leis.[1]
Bhí an Barack Obama ina Uachtarán ar Mheiriceá nuair a socraíodh margadh Pháras i 2015. Ag COP26, dúirt sé gur theip ar fhormhór tíortha seasamh le gealltanais a rinne siad i bPáras maidir le srian a chur le hathrú aeráide.[4] Dúirt sé go gcaithfeadh tíortha an domhain níos mó a dhéanamh ar mhaithe le hastaíochtaí a laghdú, agus luaigh sé go speisialta a thír féin agus tíortha an Aontais Eorpaigh ina leith seo.
Spriocanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leagadh amach spriocanna le dul i ngleic le athrú aeráide. Bhí ceithre phríomhchuspóir:[1][5]
- Astaíochtaí glan-nialasacha domhanda a bhaint amach faoi lár na haoise (roimh an COP26 d’aontaigh ceannairí na dtíortha G20 go leagfaí síos sprioc go mbeifí neodrach ó thaobh carbóin de faoi lár an chéid seo).[6] Den chéad uair riamh (ó thús COP a bhliain 1995), bhí tagairt sa téacs deireadh a chur le húsáid bhreoslaí iontaise de réir a chéile, creid nó ná creid. Ach níor tugadh aon mhionsonraí faoi.[5]
- An téamh domhanda a choinneáil ag 1.5°céim os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch
- Gealltanas maidir le $100 billiún a shlógadh in aghaidh na bliana faoi 2025 chun cabhrú le tíortha i mbéal forbartha dul i ngleic le héifeachtaí an athraithe aeráide[7]
- Bailchríoch a chur ar thacar de rialacha lena ndéantar cur chun feidhme Chomhaontú Pháras a threorú.
Spriocanna in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Laghdú 22-30% ar astúcháin roimh 2031 an sprioc a bhí leagtha amach don earnail talmhaíochta sa Phlean.[8]
Beartanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gheall ceannairí domhanda go mbeadh deireadh le dífhoraoisiú faoi 2030. Dúradh freisin go mbeadh athphlandáil iomlán á dhéanamh ar chrainnte faoin mbliain sin.[9] Bhí €16bn geallta ar mhaithe le seo a chur i gcríoch, idir airgead poiblí agus príobháideach.[10] Bhí 100 tír tar éis a dtacaíocht a thabhairt dó seo, ach ní raibh an Rúis ná an tSín nó an India ag tacú leis.
Gheall an Taoiseach go ndúblódh Éire faoi 2025 an t-airgead a chuirtear ar fáil do thíortha tearfhorbartha an domhain chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. €225m a bheadh i gceist ansin.[11] Dúirt Micheál Martin go raibh dualgas ar Éirinn agus ar thíortha eile atá go maith as níos mó a dhéanamh chun na fadhbanna a bhain leis an athrú aeráide a réiteach.[12] “Sinne sa domhan forbartha, sinne, bímis macánta faoi, is mó a chuir leis na fadhbanna atá romhainn go léir, tá dualgas orainn tacú leo siúd is mó a bhfuil dúshláin rompu. Glacann Éire leis an dualgas sin.”
Cáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt an t-Iar-Uachtarán Mary Robinson go raibh uaillmhian na dtíortha ag COP26 easnamhach agus dá bhrí sin gur dócha go mairfidh gach duine faoi 60 i ndomhain nach bhfuil chomh ináitrithe agus a bhfuil ócáidí adhaimsire ann, agus gur cinnte go mairfidh daoine faoi 30 sa domhain sin.[13]
Ar 7 Samhain, bhí breis agus scór míle agóidí i gcathair Ghlaschú ag léirsiú i gcoinne na Comhdhála COP26.[8] Bhí Greta Thunberg ina measc, agus bhí sí thar a bheith cáinteach faoin easpa dul chun cinn atá déanta ag an gComhdháil
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Athrú Aeráide
- COP27 san Éigipt
Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 "Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP26), Cruinniú Mullaigh na gCeannairí Domhanda, Glaschú, an Ríocht Aontaithe, 1 Samhain 2021" (ga). www.consilium.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-11-07.
- ↑ "Tús Áite: COP26" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2021-11-08.
- ↑ "Tús le Comhdháil Dhomhanda ar athrú aeráide" (as en) (2021-11-01).
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-11-08). "'Níor comhlíonadh geallúintí cheana maidir le haeráid'-Obama" (as ga).
- ↑ 5.0 5.1 5.2 unfccc.int (2021). "Glasgow Climate Pact". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "‘Impím oraibh, roghnaígí an cine daonna a shábháil’ – tús curtha le COP26 i nGlaschú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-08.
- ↑ RTÉ Nuacht (2021-11-08). "Iarrachtaí á ndéanamh i nGlaschú an t-ardú teochta a chosc" (as ga).
- ↑ 8.0 8.1 Nuacht RTÉ (2021-11-05). "COP26 cáinte ag Greta Thunberg mar "blah, blah, blah"" (as ga).
- ↑ Tuairisc. "Gealltanas tugtha ag ceannairí go gcuirfear deireadh leis an dífhoraoisiú faoi 2030" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-08.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-11-02). "An dara lá de COP 26 i nGlaschú" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-11-02). "'Tiocfaidh athrú aeráide romhainn mura ngníomhaítear'-Taoiseach" (as ga).
- ↑ tuairisc.ie. "‘Tugaimis an duais is fearr don chine daonna – domhan ar féidir linn maireachtáil ann’ – Micheál Martin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-08.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-11-15). "Uaillmhian easnamhach ag COP26 - Mary Robinson" (as ga).