An Choirdis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Coirdis)
Limistéar lonnaíochta na gCoirdíneach

Teanga Ind-Eorpach is ea an Choirdis (Kurdî, کوردی; fuaimnithe [ˈkuɾdiː]), cuid de theangacha Iaránacha an iarthair. Tá sí á labhairt ag na Coirdínigh (thart ar 44 milliún duine), atá ina gconaí i réigiún ar a dtugtar an Choirdastáin, scoilte idir oirdheisceart na Tuirce, iarthuaisceart na hIaráine, agus oirthuaisceart na Iaráice agus na Siria.

Tá comhphobail mhóra de Choirdínigh suite chomh maith in iarstáit an Aontais Shóivéadaigh, agus i gcathracha móra an Mheánoirthir. Ó dheireadh na 1960í, tá diaspóra Coirdíneach, anois de níos mó ná cúig mhilliún duine, aistrithe go dtí an Eoraip (go háirithe an Ghearmáin), na Stáit Aontaithe, Ceanada agus an Astráil.

Go dtí seo, mar gheall ar a stair agus ar an dtír-raon an-shléibhtiúil, níor tháinig na Coirdínigh lena dteanga a aontú. Mar seo, tá ceithre chanúint an-láidir den teanga:

Tá an Choirdis Thuaidh (nó, an Churmainsis[1]) an Kurmancî, á labhairt ag an chuid is mó de na Coirdínigh sa Tuirc, sa tSiria, san iar-APSS, agus ag páirt de na Coirdínigh san Iaráic agus san Iaráin, thart ar 60% de na gCoirdínigh san iomlán.

Tá an Lánchoirdis, an Soranî, á labhairt ag an chuid is mó de na Coirdínigh san Iaráic agus san Iaráin, nó 30% de na Coirdínigh.

Labhraítear freisin Coirdis an Iarthair, Zazaki, i dTuaisceart na Choirdeastáine (an chuid faoi smacht na Tuirce).

Coirdis an Oirthir, an Gurani, á labhairt i ndeisceart na réigiún Coirdíneach san Iaráic agus san Iaráin.

Ar chúiseanna cósúla, tá an Choirdis á scríobh as trí aibítrí éagsúla: an aibítir Laidineach (ag na Coirdínigh sa Tuirc agus sa tSiria), an aibítir Choireallach (ag na Coirdínigh sna poblachtaí iar-Shóivéadacha) agus an aibítir Araibise (ag na Coirdínigh sna tíortha arabacha agus san Iaráin).

Tá an chanúint Mukriani á labhairt i gcathracha Piranshahr agus Mahabad, dhá chathair mhóra i réigiún Mukriani na Asarbaiseáine.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. [1] Féach Tearma.ie