Coimhlint Iosrael–Gaza 2014
Cineál | oibríocht mhíleata de Fórsaí Cosanta Iosrael |
---|---|
Cuid de | Gaza–Israel conflict (en) |
Tréimhse | 8 Iúil - 26 Lúnasa 2014 |
Dáta na bliana | 2014 |
Suíomh | Stráice Gaza Iosrael |
Rannpháirtí | |
Is cúis le | 2014 Ben Gurion Airport flight bans (en) international reactions to 2014 Gaza War (en) media coverage of the 2014 Israel–Gaza conflict (en) 2014 Sarcelles riots (en) Speeches given at the United Nations regarding the Gaza Conflict (2014) (en) United Nations Fact Finding Mission on the 2014 Israel–Gaza conflict (en) |
Líon básanna | Iosrael: 71 (15 Deireadh Fómhair 2014) Stát na Palaistíne: 2,205 (15 Deireadh Fómhair 2014) |
Líon gortaithe | 10,626 (4 Eanáir 2015) |
Meán cumarsáide | |
Codanna | |
i gcoimhlint Iosrael–Gaza sa bhliain 2014, maraíodh 2,100̹̟+ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 71 Iosraelach.[1]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Aibreáin 2014, bhí an sprioc am a bhí socruithe ag Meiriceá d'Iosrael agus don Phalaistín le comhaontú síochána a bheith déanta sa Meán Oirthear caite gan aon réiteach a bheith déanta.[2]
Foréigean seicteach agus fánach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 12 Meitheamh 2014, fuadaíodh agus dúnmharaíodh triúr déagóirí Iosraelacha[3] i Heabrón (is in Heabrón atá an choilíneacht mhíchlúiteach Kiryat Arba[4]). Dúirt rialtas na hÉireann ag an am, “Is den tábhacht freisin é go mbeadh na húdaráis freagrach agus srianta ina bhfreagra agus nach mbeadh aon íospartach neamhurchóideach eile mar thoradh ar an gcoir uafásach seo.”[5]
Mhúscail an drochscéal seo conspóid agus thionscain sé ráig foréigin. Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear.
Dúirt Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go n-imreofar an lámh láidir ar Phalaistínigh mar gheall ar an ionsaí. Ar 8 Iúil 2014, chuir Iosrael tús le hionsaithe aeir agus talún ar stráice Ghaza.[6] Sa chogaíocht a lean, maraíodh 2,100+ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 71 Iosraelach.[1] Tharla ionsaithe gan ábhar is cosúil, sárú ar chearta an duine.[7]
Fógraíodh an Éigipt sos comhraic don chéad uair ar 14 Iúil.[8]
Thosaigh cainteanna idir Iosrael agus Hamas i gCaireo ar 12 Lúnasa.[9] D'fhógair Iosrael ar 19 Lúnasa go raibh sos lámhaigh thart.[10] Stop na hionsaithe faoi dheireadh ar 26 Lúnasa 2014.
Níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níos déanaí, ar 18 Samhain 2014, maraíodh ceathrar Iosraelach agus gortaíodh ochtar eile nuair a rinne beirt fhear ionsaí ar shionagóg in iarthar Iarúsailéim.[11] Bhí gunna, sceana agus tua ag an mbeirt. Mharaigh póilíní Iosraelacha an bheirt. Dúirt an eagraíocht thuata Fronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne gurb iad a bhí freagrach as an ionsaí.
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Vótáil an Dáil ar 10 Nollaig 2014 ar son rún ó Shinn Féin le haitheantas mar stát a thabhairt don Phalaistín.[12] Tugadh aitheantas sa rún freisin do cheart mhuintir na Palaistíne a dtodhchaí féin a roghnú. Dá bharr, d'éirigh Éire an 135ú tír a thug aitheantas mar stát don Phalaistín.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Agóidí Gaza-Iosrael, 2018-2019
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2021
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2023
- Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023
- Gaza (scannán 2019)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Súil siar ar nuacht idirnáisiúnta 2014" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-12.
- ↑ "Mícheal Ó hUanacháin Tráchtaire ar ghrathaí an Mheán Oirthir." (ga). RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2020-06-12.
- ↑ "2014 kidnapping and murder of Israeli teenagers" (as en) (2020-06-10). Wikipedia.
- ↑ "Kiryat Arba" (as en) (2020-04-13). Wikipedia.
- ↑ Department of Foreign Affairs (2014). "Ráiteas ón Tánaiste maidir le triúr déagóirí as Iosrael - Ráiteas ón Taoiseach maidir le triúr déagóirí as Iosrael a maraíodh sa Bhruach Thiar - Department of Foreign Affairs and Trade" (ga). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-06-12.
- ↑ "Treasa Ní Cheannabháin, Dlúthpháirtíocht na Pailistíne." (ga). RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2020-06-12.
- ↑ AFP. "Israeli soldiers' testimony: 'The instructions were clear in Gaza - shoot anyone you see'" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2020-06-12.
- ↑ "Frank Reidy, Saineolaí Míleata." (ga). RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2020-06-12.
- ↑ "Fionnuala Ní Aoláin, Ollamh le Dlí & Cearta Daonna" (ga). RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2020-06-12.
- ↑ "Frank Reidy, Saineolaí Míleata" (ga). RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2020-06-12.
- ↑ "6 maraithe agus 8 gortaithe in Iarúsailéim" (as ga) (2014-11-18).
- ↑ "An Phailistín aitheanta mar stát ag Éirinn" (as ga) (2014-12-11).