Is é is coilín ann ná an fhoirm is coitinne den chuid athraitheach i bhfosfailipidí a bhfuil ról bunúsach acu i struchtúr cillscannán bitheolaíoch. Is comhábhar riachtanach i gcothú speiceas áirithe é, agus mar sin glactar leis uaireanta go bhfuil ceangal aige le vitimíní. Ach níl sé riachtanach don chothú daonna. Tugtar leicitin ar na fosfailipidí a chuimsíonn coilín, agus díoltar é seo i siopaí bianna sláintiúla mar ábhar a laghdaíonn ionsú an cholaistéaróil sa cholainn, rud nach ndéanann sé.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.