Nóinín mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoNóinín mór
Leucanthemum vulgare Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deplanda inite Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Dath na mbláthannabán Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsterales
FineAsteraceae
GéineasLeucanthemum
SpeiceasLeucanthemum vulgare Cuir in eagar ar Wikidata
Lam., 1779

Planda ilbhliantúil a dhéanann tortáin is ea an nóinín mór.[1] Fásann sé suas le 1 m ar airde. Dúchasach don Eoraip. Na duilleoga íochtaracha i bhfoirm spúnóige le himill fhiaclacha, cinn na mbláthanna suas le 5 cm ar leithead, na gais fada aonarach. Spréann na bláthóga seachtracha bána amach, agus bíonn bláthóga an diosca inmheánaigh buí. Saothraítear go forleathan mar mhaisiúchán don ghairdín agus i gcomhair a ngearrtha iad. Bhíodh siad in úsáid mar luibh leighis.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Leucanthemum vulgare” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Nóinín mór". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 487.