Cardamam
Appearance
Elettaria cardamomum | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | cardamam |
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Zingiberales |
Fine | Zingiberaceae |
Treibh | Alpinieae |
Géineas | Elettaria |
Speiceas | Elettaria cardamomum Maton, 1811 |
Ainmníocht | |
Basainm | Amomum cardamomum |
Planda ilbhliantúil, dúchasach don India, a shaothraítear anois i Srí Lanca agus i nGuatamala freisin. Ríosómach. An gas suas le 3.5 m ar airde. Na duilleoga in dhá líne lena ngais i dtruaillí, na bláthanna bán le marcanna gorma is buí, i gcrobhaingí 60 cm ar fhad ar ghais gan duilleoga gar don talamh. Capsúl 2 cm ar fhad an toradh. Baintear feidhm as na torthaí aibí triomaithe mar spíosra, i gcuraithe go príomha. Is é an tríú spíosra is costasaí ar domhan, i ndiaidh cróich agus fanaile.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cardamam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 117.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |