Achillea millefolium

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAchillea millefolium Cuir in eagar ar Wikidata
Achillea millefolium vallee-de-grace-amiens 80 22062007 1.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deMillefolii flos (en) Aistrigh, yarrow oil (en) Aistrigh agus planda inite Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhaicéin Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Status iucn3.1 LC.svg
Speiceas is lú imní
UICN202909 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsterales
FineAsteraceae
TreibhAnthemideae
GéineasAchillea
SpeiceasAchillea millefolium Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
mionradharc ar an athair thalún

Is planda luibheach é Achillea millefoliuman athair thalún, sa fhine Asteraceae. Tá sí dúchasach don leathsféar thuaidh timpeall an domhain agus tugadh isteach í san Astráil agus sa Nua-Shéalainn freisin mar chothú do na beithigh.

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is planda luibheach ilbhliantúil diasdíreach é an athair thalún choiteann agus tárgaíonn sé gais éagsúla (0.2 go 1m in airde) agus bíonn cruth fáis riosóimiúl aige. Bíonn duilleoga scaipthe go cothrom ar feadh an ghais aige, leis na duilleoga is mó i lár agus ag bun an ghais. Bíonn méideanna athraitheach fionnaitheachta nó caithreacha ag na duilleoga. Tá na duilleoga 5-20 cm ar fhad, déchleiteachtríchleiteach, beagnach clúmhach, agus socraithe go bíseach ar an ghas. Tá na duilleoga cálach agus go hiomlán nó go páirteach ag timpeallú an ghais.