Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024
Reáchtáladh Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024 i bPáras idir 26 Iúil[1] - 6 Lúnasa 2024. Eagraíodh na cluichí idirnáisiúnta sa bhliain 1924 i bpríomhchathair na Fraince agus an uair sin bhí 22 spórt ar siúl, in aghaidh 28 in 2024. Bhí cluichí na bliana 2024 éagsúil ar bhealach amháin mar gur ar an uisce a bhí an Searmanas Oscailte seachas i staid ar thalamh tirim.[2] Ghlac 10,500 lúthchleasaí a bhí roghnaithe ag breis is 200 coiste náisiúnta páirt i 329 comórtas éagsúil.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí comórtas sna 28 spórt a bhí i dTóiceo in 2021 ar siúl i bPáras chomh maith le ceithre cinn eile a cuireadh leis na cluichí seo go speisialta – dreapadóireacht spóirt, clárscátáil, tonnmharcaíocht, agus den chéad uair riamh ag na cluichí Oilimpeacha, brisdamhsa.[3]
Ar an 26 Iúil 2024, reáchtáladh Searmanas Oscailte na gCluichí Oilimpeacha ar abhainn na Séine agus na céadta milliún ar fud na cruinne ag faire air, paráid lúthchleasaithe ar 94 bád ar stráice 6 chiliméadar d’abhainn an Seine. Bá mhór an ceiliúradh é, an chéad uair riamh nach istigh i staid a bhí an searmanas oscailte.[4][5] I dtús na pleanála bhí sé i gceist ticéid a thabhairt saor in aisce do 600,000 duine as an bpobal ach ar bhonn slándála athraíodh sin agus ní bheidh ag an ócáid anocht ach an 300,000 duine a bhfuil cuireadh oifigiúil faighte acu.[2]
Chuaigh an loingeas lena lasta lúthchleasaithe thar radharcanna mór le rá Pháras, amhail dánlann an Louvre agus ardeaglais Notre Dame, ag dul ar ancaire os comhair Trocadéro trasna na habhann ón Túr Eiffel mar a gcuirfear tús leis an seó mór féin.[2]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí 133 lúthchleasaí ar fhoireann na hÉireann i bPáras, an fhoireann is mó riamh as an tír a cuireadh chuig do na cluichí Oilimpeacha. Bhí súil anonn le 25,000 lucht féachana as Éirinn ag an bhféasta spóirt, an Taoiseach ina measc.[6]
Mona McSharry a bhuaigh an chéad bhonn d’Éirinn nuair a tháinig sí sa tríú háit sa bhabhta ceannais i snámh brollaigh 100 méadar na mban sa La Défense Arena.[7]
Ar an 30 Iúil, thug an snámhaí Daniel Wiffen, 23 bliain d’aois, as Machaire Lainne sárthaispeántas sa snámh ceannais sa chomórtas snámh saorstíle 800 méadar, , go háirithe ag deireadh an ráis nuair a chuaigh sé chun tosaigh ar chách. 7:38.19 a thóg sé ar Wiffen an rás a bhuachan, an t-am is tapa fós ag aon chluichí Oilimpeacha.[8]
Sceimhlitheoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 25/26 Iúil, bhí "ionsaí ollmhór" déanta sa bhFrainc ar an ngréasán iarnróid (an TGV), agus cuireadh as do 800,000 paisinéir dá bharr. Chuir coirloisceoirí trí lárionad (stáisiúin comharthaíochta) idir Páras agus cathracha timpeall na Fraince trí thine. Ní dhearnadh aon díobháil don iarnród soir ó theas, áfach, mar cuireadh stop leis na coirloisceoirí sula ndeachaigh siad chomh fada leis.[9]
Gach aon lá le linn na gCluichí, bhí 30,000 gendarme agus póilín ar dualgas sa gcathair. Faoi "Oibríocht Sentinelle" bhí 20,000 garda slándála príobháideach agus 10,000 saighdiúir ansin agus iad faoi réir le gníomhú gasta sa gcás go ndéanfaí ionsaí sceimhlitheoireachta. Bhí lár na cathrach clúdaithe le baracáidí agus criosanna a bhfuil srianta dochta i bhfeidhm iontu.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Cuireadh tús le cluichí rugbaí seachtar-an-taobh agus spóirt eile timpeall 24 Lúnasa
- ↑ 2.0 2.1 2.2 "Tús á chur leis na Cluichí Oilimpeacha agus seó taibhsiúil geallta ar abhainn an Seine" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-26). Dáta rochtana: 2024-07-28.
- ↑ Bhí trí chomórtas spóirt a bhí i dTóiceo nach raibh ar an gclár i bPáras—bogliathróid, daorchluiche agus cearáité.
- ↑ "An Taoiseach i bPáras le Foireann Oilimpeach na tíre" (as ga) (2024-07-25).
- ↑ "Tús á chur leis na Cluichí Oilimpeacha agus seó taibhsiúil geallta ar abhainn an Seine" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-26). Dáta rochtana: 2024-07-28.
- ↑ 6.0 6.1 "An Taoiseach i bPáras le Foireann Oilimpeach na tíre" (as ga) (2024-07-25).
- ↑ "An chéad bhonn d’Éirinn ag na Cluichí Oilmpeacha buaite ag Mona McSharry" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-30). Dáta rochtana: 2024-07-30.
- ↑ "Bonn óir buaite ag Daniel Wiffen na hÉireann ag na cluichí Oilimpeacha" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-30). Dáta rochtana: 2024-07-30.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-07-26). "Coirloscadh ar ghréasán iarnróid ardluais sa bhFrainc" (as ga-IE).