Jump to content

Cath Ghleann Molúra, 1580

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCath Ghleann Molúra, 1580
Íomhá
Cineálcath Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deDara Éirí Amach i nDeasmumhain Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana25 Lúnasa 1580 (Féilire Ghréagóra) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhGleann Molúra, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírRíoghacht Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí


I mí Iúil 1580, chuir Fiach Mac Aodh Ó Broin, a bhí lonnaithe i sléibhte Chill Mhantáin, tús leis an reibiliún in oirthear na hÉireann. Chuir sé comhghuaillíocht de thiarnaí agus taoisigh as an réigiún sin le chéile, agus Caomhánaigh, an Ua Tuathail, agus an Ua Mórda ina measc.

Cuimhneachán i nGleann Molúra

Cúlra: Éirí Amach i nDeasumhain

[cuir in eagar | athraigh foinse]

‘Cogadh naofa’ a bhí san Éirí Amach i nDeasumhain agus freagra ar lárnú ré Eilíse


Bhí a lán de na fórsaí sin ag troid in aghaidh gharastúin na Sasanach ó am go chéile le blianta beaga anuas, ag an am sin. Ba chúis ar leith iad na dúnmharuithe gan chúis a rinne oifigeach Sasanach a bhí bunaithe i gCill Mhantáin darbh ainm Masterson chun cuid mhaith de na baiclí siúd a mhealladh chun éirí amach, de réir dealraimh.

Chun an riail Shasanach a dhiúltú go siombalach, rinne na reibiliúnaigh teideal Rí Laighean a bhronnadh ar Créón Mac Murchú Caomhánach, a raibh an teideal céanna ag a mhuintir sinsearach roimh theacht na Sasanach.

Chuaigh James Eustace, Bíocunta Bhealach Conglais, Tiarna de chuid Shean-Ghaill na Pála, isteach leis Ó Broin. Caitliceach, bhí sé cráifeach go smior.

I mí Lúnasa, chuaigh Seán Dheasmhumhan agus Nicholas Sanders i gcomhar a chéile le James Eustace i gContae Laoise in iarracht comheagar a chur ar a gcuid fórsaí. Níor éirigh leo comhstraitéis a chur i gcrích, cé is moite den chomhoibriú teoranta a rinneadar i gcríocha ghleann na Bearuithe. Mar sin féin, b’údar mór imní do na Sasanaigh é briseadh amach an reibiliúin chomh gar sin do croílár rialtas na Sasanach i mBaile Átha Cliath.

Sir Henry Sidney, Lord-Deputy, Caisleán BÁC

Bhí an Tiarna Henry Sidney, iar-Fhear Ionaid ar Éirinn in ann a thionchar a imirt ar an bhfreagairt a tugadh mar gheall ar a chomhaltas ar an Ríchomhairle. I mí Lúnasa 1580 cuireadh Fear Ionaid nua, Arthur Grey, an 14ú Barún Grey de Wilton ar seol go hÉirinn ó Shasana in éineacht le 6,000 trúpa. Ba é an chloch is mó ar phaidrín a bhí ag Grey nó an reibiliún i Laighean a chur faoi chois gan mhoill.

Ar an 25 Lúnasa 1580, rinne fórsaí Uí Bhroin agus an Bíocunta Baltinglas i gCath Ghleann Molúra sléacht ar fhórsaí Sasanacha faoi stiúir Grey. Agus fórsaí na gcoróin i mbun ruathar a thabhairt faoi dhaingean Uí Bhroin i nGleann Molúra i gcroílár sléibhte Chill Mhantáin rinneadh luíochán orthu agus rinneadh bia míoltóige díobh; fágadh 800 díobh marbh.[1]

Rinne Grey de Wilton William Stanley a shannadh chun an Pháil i Laighin a chosaint. Den chuid eile den chogadh, rinne Ó Broin agus a gcomhghuaillithe ruathar a thabhairt ar lonnaíochtaí Sasanacha san oirthear agus san oirdheisceart, agus ní raibh siad in ann deis straitéiseach a thapú as an mbua a bhí acu i nGleann Molúra.

Crochadh roinnt mhaith daoine ón bPáil agus ó cheantair eile ina raibh na Sean-Gaill lonnaithe. Bhí muintir Loch Garman i gcónaí dílis d’údarás na Sasanach, agus ina mbrathadóirí. Bhí Diarmaid Ó hUrthuile Ardeaspag Caitliceach Chaisil i measc iadsan ar cuireadh chun báis. Chomh maith leis sin, fuair Maighréad de Bhál (Margaret Ball) bás, bean chéile Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath agus í i gcarcair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Is minic a d’fhógair iadsan ar cuireadh chun báis iad a gcreideamh Caitliceach ón scafall agus ar tugadh an Eaglais ómós dóibh mar mhairtírigh Chaitliceacha ina dhiaidh dá dheasca.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Niall McColla (2021-08-25). "Cath Ghleann Molúra (25adh Lughnasa 1580)" (en-GB). Gript. Dáta rochtana: 2024-08-25.
  2. The Scenery and Antiquities of Ireland. Chapter IV. (1841)