Maighréad de Bhál

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaighréad de Bhál

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1515 (Féilire Ghréagóra)
Contae na Mí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1584
68/69 bliana d'aois
Caisleán Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsagart Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 16ú aois
Ardú
Lá féile20 Meitheamh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileBartholomew Ball (1530 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteWalter Ball, Nicholas Ball, Bartholomew Ball Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWalter Bermingham  agus Catherine de la Hide

Mairtíreach Éireannach ab ea Maighréad de Bhál (nó Margaret Ball). Thug an Pápa Eoin Pól II an teideal 'Beannaithe' di sa bhliain 1992, in éineacht le hochtar mairtíreach déag Éireannacha eile.

In aimsir an Reifirméisin, chuir de Bhál scoil ar bun. Thug sí cúnamh do shagairt Chaitliceacha a bhí faoi cheilt ó na húdaráis.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Maighréad Nic Fheorais (nó Margaret Bermingham) i gContae na Mí sa bhliain 1515, de bhunús Sasanach.

Phós sí Parthalán de Bhál (nó Bartholomew Ball), bardasach ag an am agus bhí airgead ag a dhream. Toghadh Parthalán i 1553 mar Mhéara Átha Cliath, le Maighréad bean an Ardmhéara.

Rugadh deichniúr clainne di.

ó Pharóise Whitehall[1]

Toghadh an mac ba shine aici, Walter, mar Mhéara Átha Cliath i 1580 go 1581. D'iompaigh Walter ina Phrotastúnach ach d'fhan Maighréad mar Chaitliceach. D'éirigh eatarthu mar gheall ar an reiligiún mar sin.

Bhí an banríon, Eilís I Shasana, ag tacú go hiomlán le Walter. Chaith Walter a mháthair féin i bpríosún, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1580.

Toghadh mac eile, Nicholas, mar Mhéara Átha Cliath i 1582. Caitliceach ba ea é ach d'fhan Walter níos cumhachtaí agus d'fhan Maighréad faoi ghlas i ndoinsiún. Bhásaigh Maighréad sa Chaisleán sa bhliain 1584, in aois 69 di.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Bienheureuse Margaret Ball". nominis.cef.fr. Dáta rochtana: 2020-06-20.