Fiach Mac Aodha Ó Broin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cuimhneachán i nGleann Molúra

Laoch Laighneach, bhí Fiach Mac Aodha Ó Broin (1534 – 8 Bealtaine 1597) ina rí ar Chill Mhantáin, agus bhí clú ar a fhriotaíocht i gcoinne riail na Sasanach agus a chabhair le héalú Aodh Rua Ó Dónaill.

Sheas Mac Aodha Ó Broin an fód in aghaidh Shasana agus bhris sé arm an Tiarna Grey i nGleann Molúra sa bhliain 1580.

Is beag Éireannach nár chuala tuairisc ar an taoiseach. Baineann a scéal le scéalta móra gaisce an nGael[1]. I rith an chatha sa bhliain 1580, rothlaíodh carraigeacha móra síos ar na Sasanaigh ó shleasa an ghleanna is cosúil. Ach is deacair é a chreidiúint.

Easi nGleann Molúra

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Vivian Uibh Eachach - Fiacha mac Aodha Ó Broin(Leabhar Breac) ☀; ISBN 978-0-898332-16-9