Gluaisteán
Is cóir iompair (feithicil, gléas siúil) í an gluaisteán (nó an carr mar atá aithne uirthi chomh maith), agus inneall dócháin inmheánaigh á tiomáint. Baintear úsáid as an ngluaisteáin le paisinéirí agus lastas a iompar, agus í an-áisiúil i gcomhair aistir fhada. Go tipiciúil, tugann an gluaisteán slí do chúigear daoine, ach tá gluaisteáin de chineálacha eile ann.
Tá monarchana gluaisteán i dtíortha éagsúla ar fud an domhain, go háirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an tSualainn, an tSeic, Sasana, an Rúis, an tSeapáin, an India, an tSín, Meicsiceo agus an Bhrasaíl.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'eascair an focal carr ón bhfréamh Ceilteach *carr- (cairt nó vaigín). I measc na dteangacha eile a úsáideann focail a shíolraigh ón bhfréamh Ceilteach seo tá carr na Breatnaise, karr na Briotáinise, carrum na Laidine, carro na Spáinnise agus car an Bhéarla.[1]
Meicnic
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn ceithre roth faoin ngluaisteán, agus bonn rubair timpeall ar gach roth. Tá tiúb taobh istigh den bhonn a theanntar le haer.
Is é an cineál inneall is mó a úsáidtear leis an ngluaiseacht a thiomáint ná inneall dócháin inmheánaigh.
Is iad an peitreal agus an breosla díosail an dá chineál breosla is coitianta. Baintear úsáid as na bithbhreoslaí, as gás leachtaithe agus as breoslaí eile freisin. Tá gluaisteáin leictreacha ann, leis, agus iad á bhfuinnmhiú ag cadhnraí nó ceallraí móra.
Stiúrtar an gluaisteán tríd an roth stiúrtha a chasadh. Thairis sin, is féidir leis an tiománaí troitheáin ar leith a oibriú le coscán a theannadh (troitheán coscáin) nó le tuilleadh luais a chur faoin ngluaisteán (troitheán luasaire). Bíonn crág nó troitheán cráige ann freisin le giar a athrú.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 10 Samhain 1903, chuir an ceapadóir, Mary Anderson, as Birmingham, Alabama, cuimilteoir gaothscátha faoi phaitinn don chéad uair (paitinn S.A.M. uimhir 743801).