Coscán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Coscán

Trealamh a úsáidtear chun fórsa a chur i bhfeidhm ar réad chun é a luasmhoilliú. Is é an bealach is coitianta chuige seo ná dromchla fosaithe a chur i dtadhall le dromchla gluaiste chun frithchuimilt a chruthú i gcoinne treo na gluaiseachta. Maidir le gluaisteáin, bíonn dhá shaghas coscáin in úsáid: coscán druma, agus coscán diosca.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Coscán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 175.