Carcanaigin
Aon ábhar a chuireann tús le hailse is ea carcanaigin.[1] Tá an-chuid carcanaiginí ar eolas, ina measc caitheamh tobac, deatach tionsclaíoch, X-radaíocht, gámaradaíocht, radaíocht ultraivialait, agus an-chuid ábhair datha, mar shampla aispeist.
Meastar go bhfuil an-chuid díobh sceite sa chomhshaol ag daoine le cúpla céad bliain. Mar shamplaí, tá fo-iarsmaí dóite guail is ola, caitheamh tobac, agus fiú ceimiceáin shaorga a chuirtear le bianna, atá ciontach a bheag nó a mhór i dtosú ailsí.
Is féidir leis na radaíochtaí inianaíocha go léir — gámaradaíocht, X-radaíocht, radaíocht ultraivialait — tús a chur le hailsí freisin ach duine nó ainmhí dáileog mór go leor a fháil. Ciallaíonn dáileog, a bheag nó a mhór, iolrú na déine leis an bhfad ama a lonraíonn an radaíocht an ball den cholainn.
Tagann radaíocht ultraivialait chugainn ón nGrian, agus tugann an ciseal ózóin oiread cosanta dúinn uaithi. Ní thosaíonn an ailse díreach i ndiaidh na dáileoige ach bíonn moill eatarthu i gcónaí, suas leis na blianta.
Sa bhliain 2023, thug staidéar de chuid Imperial College London rabhadh go bhféadfadh gnáth-bhianna próiseáilte (mar shampla, arán, gránach, liamhás, brioscáin, uachtar reoite srl) an baol ailse a mhéadú.[2][3][4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): carcanaigin” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-02-20.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Carcainigin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 117.
- ↑ "Rabhadh ailse nua faoi ‘sliced pan’ agus ‘ice cream’" (en-GB) (2023-02-05). Dáta rochtana: 2023-02-07.
- ↑ Kiara Chang, Marc J. Gunter, Fernanda Rauber, Renata B. Levy, Inge Huybrechts, Nathalie Kliemann, Christopher Millett, Eszter P. Vamos (2023-01-31). "Ultra-processed food consumption, cancer risk and cancer mortality: a large-scale prospective analysis within the UK Biobank" (as English). eClinicalMedicine 0 (0). doi: . ISSN 2589-5370.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |