Cócaireacht na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cál ceannann sa chorcán

Is éard is Cócaireacht na hÉireann ann ná an chócaireacht mar a dhéantar í go traidisiúnta in Éirinn. Baintear úsáid as táirgí na tíre mar uaineoil agus muiceoil, éanlaith, uibheacha, im agus táirgí déiríochta eile, muisiriúin agus bradán. Tá glasraí agus préamhacha—cál agus prátaí, mar shampla—tábhachtach freisin. Is é sin le rá gur fhorbair an chócaireacht as na barra agus ainmhithe a shaothraítear in aeráid shéimh an oileáin.

Rinne concas na dTúdarach dochar d'fhorbairt chócaireacht na tíre sa 17ú haois luath mar d'fhág díshealbhú an talaimh formhór muintir na tíre bocht agus cuireadh fócas ar onnmhairiú táirgí bia go Sasana agus fórsaí armtha na tíre úd, chomh maith le himeacht ama chuig margaí thar lear. Ar na leibhéil níos saothraithe den chócaireacht Éireannach thóg nósanna na Sasanach áit na cócaireachta traidisiúnta. San 18ú haois tháinig an práta isteach mar bhunscamhard na ngnáthdhaoine. Cuirtear an práta le chéile le hÉirinn i samhlaíocht go leor daoine mar gheall air sin. Cailleadh a lán gnéithe de chócaireacht na hÉireann san am úd, ó aimsir an Ghorta Mhóir go lár an 20ú haois go háirithe. Táthar ag cur suime in n-athbheochan anois, áfach. Ar mhiasa Éireannacha tipiciúla an lá inniu tá stobhach Éireannach, bagún agus cabáiste, bacstaí, coddle agus cál ceannann.

Tar éis Bhliain an Dá Mhíle[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má théann duine chuig teach tábhairne ar bith sa tír is gnách go mbíonn ar a laghad cúpla rogha Éireannach nó leath-Éireanach ann ó thaobh an bhia. Déanann Avóca agus Theach Baile Uí Mhaolmhuaidh (Ballymaloe House) rogha níos fearr fós a chur ar fáil agus cuireann leithéidí ANIAR i nGaillimh meascán de bhia traidisiúnta agus Eorpach ar fáil.

Roinnt den bhia is mó cáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Blaa: Is rolla aráin bog bán é an blaa. Samhlaítear le Port Láirge é go háirithe. Itheann daoine iad le him agus ispíní go minic mar bhlaa bricfeasta. Seans go dtagann an focal ó ‘blé’ ‘plúr’ nó ‘blanc’ na Fraincise.[1]
  • Mála spíosrach: Bíonn an-trácht ar an Mála Spíosrach ón mbliain 2010 go 2023. Bia Éireannach é atá go mó faoi anáil chócaireacht an hÁise. Is é atá ann sceallóga prátaí, sicín, piobair dhearga nó ghlasa, sillí, oinniúin is spíosraí. Go minic itear é le hanlann curaí nó anlann milis is searbh.
  • Cáca Gur: Tá baint ag Cáca Gur le Baile Átha Cliath. Is éard atá ann ná meascán tiubh idir dhá chiseal taosrán. Grabhróga aráin, torthaí triomaithe agus rud éigin milis leis an iomlán a choinneáil le chéile a bhí ina lár. Cé go luaitear ‘gurrier’ mar bhunús le hainm an cháca meastar go dtagann an t-ainm ó ‘goor’ focal Indiach ar shiúcra garbh.
  • Duileasc: Feamainn is ea duileasc a dtugtar ‘creathnach’ nó ‘palmaria palmata’ air chomh maith. Itear mar smailc bheag bia nó scroid é.
  • Crúibíní: Cosa na muice is ea na crúibíní, agus béile ar leith é na cosa bruite seo. Ansin cuirtear fuidreamh orthu nó friochtar iad.
  • Drisín: Putóg fola is ea an drisín. Tá sé níos glóthaí ná an phutóg dhubh agus measctar ann fuil bó, muice agus/nó fuil caora le bainne, salann agus saill. Tá cáil ar leith air mar chuid den bhéile ‘packet and tripe’ a itear i gCorcaigh.
  • Cadal: Béile é an cadal a bhfuil a cháil ag leathnú (agus spéis ar leith ann sa saol ar líne go speisialta) Déantar le prátaí, bainne, im, bagún, oinniúin, glasraí, salann agus piobar é de ghnáth, ach bíonn a leagan féin ag go leor daoine agus in áiteanna faoi leith sa chathair. Tá baint ar leith aige le Baile Átha Cliath. Deirtear gurb é cadal an béile ab fhearr le Jonathan Swift. Is minic go mbíonn eorna agus Guinness ann leis.
  • Báirín breac: Is císte é an báirín breac. Arán giosta é ina mbíonn rísíní agus dlúthbhaint aige le hOíche Shamhna. Is minic a chuirtear fáinne beag i bhfolach sa chíste agus an té a aimsíonn é deirtear go bpósfaidh sé nó sí go luath.
  • Bacstaí: Is éard is bacstaí (boxty) nó ‘steaimpí’ ann ná cáca d’fhataí amha a dhéantar a chócaráil ar an bhfriochtán nó ar an ngrideall.
  • Spíosbhuirgéir: Mionsa, oinniúin agus spíosraí a bhíonn iontu seo agus déantar an t-iomlán a chlúdach le grabhróga speisialta. Cumadh iad luath sna 19050dí. B’iad an chéad táirge ón mbúistéir muiceola Maurice Walsh i nGlas Naíon iad. Deirtear gur fearr iad a fhriochadh go domhain sa sceallóglann áitiúil.

Biachlár samhaltach Éireannach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúrsa Tosaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cloicheán Bhá BHÁC agus Creamh (gairleog fhiáin)
  • Bradán Deataithe agus Arán Donn
  • Blaa agus Putóg Dhubh Chloch na Coillte
  • Drisín ar leaba Duilisc le Daba d’Anlann Ballymaloe
  • Aráin mheasctha: Arán Prátaí, Farla sóide, Arán Sóda

Príomhbhéile[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Spíosbhuirgéir agus Cál Ceannann
  • Mála spíosrach: Sicín, Sceallóga, Spíosraí
  • Ispíní faoi Fhuidreamh (battered) agus Bacstaí
  • Bagún agus Cabáiste - Cadal agus Cruibíní
  • Stobhach Gaelach

Milseog[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cáca Gur
  • Báirín Breac
  • Uachtar Reoite
  • Murphy’s à la Teddy’s

Le hÓl:[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cidona
  • Poitín
  • Guinness
  • Bainne
  • Fíoruisce
  • Líomanáid Dhearg TK
  • 7 Up
  1. Eoin P. Ó Murchú (2018-05-29). "Mála Spíosrach Medium-Rare LDT! Cad é Cuisine na hÉireann?" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2023-09-28.