Drisín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaDrisín
Sonraí
Cineálmaróg agus ispín fola

Cineál ispín atá i gceist le drisín, a dhéantar as fuil mhuice, salann agus geir. Is leagan Éireannach den phutóg dhubh é. Putóg fola atá ann. Tá sé níos glóthaí ná an phutóg dhubh agus measctar ann fuil bó, muice agus/nó fuil caorach le bainne, salann agus saill.

Is minic a chuirtear drisín agus ruipleog le chéile i gCorcaigh agus Luimneach agus Packet and Tripe a thugtar air.

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luaitear an leagan Gallda, drisheen, in Ulysses agus A Portrait of the Artist as a Young Man le James Joyce. Tá cur síos eile air in In Search of Ireland, leabhar leis an scríbhneoir taistil iomráiteach H.V. Morton a foilsíodh sa bhliain 1930.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]