Bizerte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBizerte

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 37°16′28″N 9°52′26″E / 37.2744°N 9.8739°E / 37.2744; 9.8739
Tíran Túinéis
Gobharnóireacht sa TúinéisBizerte Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán142,966 (2014) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús4,204.88 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla34 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde4 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist7000 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáincommune-bizerte.gov.tn Cuir in eagar ar Wikidata

Is príomhchathair Ghobharnóireacht Bizerte sa Túinéis é Bizerte (Araibis:بنزرت,Benzart). Tá sé suite ar an gcósta Meánmhara ag béal do chainéal a rinne ceangal idir Loch Bizerte agus an mhuir. Is é Bizerte an chathair is faide ó thuaidh san Afraic.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaidh agus luathstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bizerte, 1961

Is é Bizerte an chathair is sine sa Túinéis. Bhunaigh na Féinícigh an chathair timpeall 1100 RCh,[1]A'Kra a thugtar air.[2] Úsáidtear an lonnaíocht mar chuan trádála. Timpeall 950 RCh, rinne an Chartaig ionradh ar an lonnaíocht. Bhain go leor ginearáil Cartagacha cosúil Hannibal úsáid as cuan Bizerte sna Cogaí Púnacha.

Sa bhliain 149 RCh, ghabh na Rómhánaigh seilbh ar an gcathair. Bhí smacht maith acu ar an gcathair go dtí an bhliain 439 AD nuair a tháinig na Vandalaigh. Ba thús maith é an chathair dá n-ionraidh eile.

Ón mbliain 534 AD go 642 AD, bhí Bizerte faoi smacht na hImpireachta Bhiosantach. Tar éis sin sa bhliain 647 AD, rinne na hArabaigh ionradh air.

Faoi riail na Fraince[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag Conradh Bheirlín, 1878, tugtar údarú don bhFrainc seilbh a ghabháil ar an Túinéis.[3] Tháinig na Fraincigh trí bliana i ndiaidh sin. Thóg siad calafort mór sa chathair.

Géarchéim Bizerte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis neamhspleáchas na Túineise ón bhFrainc sa bhliain 1956, níor fhág siad Bizerte mar ba chalafort chablaigh straitéiseach é do Chogadh na hAilgéire. Chuir sé sin fearg ar an Túinéis agus sa bhliain 1961, chuir siad imshuí i gcion ar an mbunáit chabhlaigh in Bizerte. Mar gheall ar seo, tharla cath idir fórsaí na Fraince agus fórsaí na Tuinéise. Maraíodh 630 Túinéiseach agus 24 Francach. D'fhág an Fhrainc an bunáit ar 15 Deireadh Fómhair 1963, nuair a cuirtear deireadh leis an gcogadh san Ailgéir.

Déimeagrafaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir daonaireamh 2014, tá 136,917 duine ina gcónaí in Bizerte,[4] ach má cuirtear Menzel Jemil agus Menzel Abderrahmane leis, is gaire do 180,000 ata ann. Is méadú e seo ón daonaireamh 2004 nuair a bhí 114,371 duine ina gcónaí ann.

Caidreamh Idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Bizerte nasctha leis na háiteanna seo a leanas:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hervé Bourges et Claude Wauthier, Les 50 Afriques : Maghreb, Afrique du Nord-Est, Corne de l'Afrique, Afrique sahélo-soudanienne, Golfe du Bénin, éd. du Seuil, Paris, 1979, lch 68 (fr)
  2. Renaud 1996 lch.14 (fr)
  3. Jean Ganiage, Les origines du Protectorat français en Tunisie, éd. Maison tunisienne de l’édition, Tunis, 1968, lch. 417 (fr)
  4. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named STRAT