Tataouine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Tataouine
تطاوين
Tataouine
Rialtas
Tír Flag of Tunisia.svg An Túinéis
Gobharnóireacht Tataouine
Méara Mabrouk Harrabi
Déimeagrafaic
Achar 42 km²
Daonra 66,924[1]
Dlús daonra 1,593/km²
Crios ama CET(UTC+1)

Is príomhchathair na Gobharnóireachta Tataouine é Tataouine (Araibis: تطاوين) atá suite i ndeisceart na Túinéise, 530 ciliméadar ó Túinis. Meallann sé a lán turasóirí mar gheall ar na háitribh sna huaimheanna.

Sanasaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagann an ainm Tataouine ón bhfocal Beirbeireach Tiṭṭawin a chiallaíonn "súile" agus "tobar uisce". Uaireanta, tugtar Fum Taṭāwīn ar an gcathair. Ciallaíonn "Fum" "béal" san Araibis.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ón mbliain 1892 go dti an bhliain 1951, ba bhaile garastúin é Tataouine d'aonad pionósach arm na Fraince. Tar éis bunú an baile, tógadh mosc (1898) agus tithíochta ann.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]