Na Cogaí Púnacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cogaí Púnacha)
WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataNa Cogaí Púnacha

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsraith cogaí
Dáta264 "RCh" –  146 "RCh"
RannpháirtitheAn tSean-Róimh

Sraith de thrí fheachtas míleata ba ea na Cogaí Púnacha a troideadh idir Poblacht na Róimhe agus an Chartaig, ón bhliain 264 RC go dtí 146 RC. Ag an am, is dócha go raibh an méid cogaíochta inchomparáide leis na chogaidh domhanda a tharla sa chéad seo chaite. Tagann an téarma 'Púnach' ón bhfocal Laidine Punicus (nó Poenicus), rud a chiallaíonn "Cartagach", tagairt do 'shinsearacht Fhéiníceach' na gCartagach.

Forlámhas a dh'fháil ar an tSicil—an t-oileán a bhí idir an dá impireacht—b'shin é an t-údar is mó don chéad chogadh Púnach. Bhí coilíneachtaí dá gcuid féin ag na Cartagaigh san oileán, agus bhí na Rómhánaigh ag éirí buartha faoin mbagairt mhíleata a bhí iontu. Ag tús an Chéad Chogaidh, ba leis na Chartagaigh an chumhacht cheannasach is mó in iarthar na Meánmhara, le hImpireacht mhuirí fhorleathan acu, cé go raibh cumhacht na Róimhe ag bailiú nirt go tapa san Iodáil, bhí cumhacht a cabhlach lag agus easnamhach i gcomparáid leis na Chartagaigh.

Faoi dheireadh an tríú chogaidh, tar éis níos mó ná céad bliain agus cailleadh na céadta míle saighdiúirí ón dá thaobh, chloígh an Róimh Impireacht na gCartach go hiomlán agus scrios siad Cathair na Cartaige, agus d'éirigh leis an Róimh bheith ina stát uilechumhachtach amháin in Iarthar na Meánmhara.

Leis deireadh na cogaí Macadónacha—a bhí ar siúl i gcomhthráth leis na Cogaí Púnacha—agus treascairt an Rí Seiliúcach (nó Seleucid) Mór Antiochus III sa Chogadh Rómhánach-Siriach (Conradh Apamea, 188 RC) san mhuir thoir, tháinig an Róimh chun chinn mar an chumhacht cheannasach sa Mheánmhuir agus ceann de na cathracha is cumhachtaí de chuid na Ré Clasaicigh. Thug bua na Róimhe ar na Chartaigh sna cogaí seo stádas oirirc di a bheadh ​​coinneáilte aici go dtí an 5ú haois AD.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn lár na 3ú haoise RC, ba chathair mhór í an Chartaig, suite ar chósta dheisceart na Meánmhara, san áit a nglaoitear an Túinéis uirthi, sa lá atá inniu ann. Bunaithe ag na Féinícigh, i lár na 9ú haoise, ba chathairstát cumhachtach talasalathach é, le líonra mór tráchtála. As na cathairstáit san Iar-Mheánmhuir, i dtéarmaí cumhachta, rachmais agus daonra de ní raibh ach céile comhraic amháin aici, sé sin an Róimh. Cé go raibh cabhlach na Cartaige ar an cheann is mó sa domhan ársa ag an am, ní raibh arm seasta buan a choimeád ar bun aici. Ina áit sin, bhraith an Chartaig den chuid is mó ar amhais, go háirithe ar Bheirbeirigh Nuimideacha dúchasacha, chun a cuid chogaí a throid. Mar sin féin, ba shaoráinigh Cartagacha an chuid is mó de na hoifigigh a bhí i gceannas ar an arm. Bhain na Cartagaigh clú amach mar mhairnéalaigh den chéad scoth, agus murab ionann agus a n-arm, bhí go leor Cartagach ó na hísle aicmí san chabhlach, agus sholáthair siad ioncam cobhsaí agus gairm as dá réir sin.

Sa bhliain 200 RC bhain Poblacht na Róimhe smacht amach ar leithinis na hIodáile, ar an ar an taobh ó dheas den Phó. Murab ionann agus an Chartaig, bhí mórfhórsaí armtha catharaíonachta ag an Róimh. Ar an láimh eile, ag tús an Chéad Chogadh Púnacha, ní raibh cabhlach ar bith ag na Rómhánaigh, agus bhí siad mar sin faoi mhíbhuntáiste go dtí gur thosaigh siad ar chabhlach mór dóibh féin a thógáil, le linn an chogaidh.

An Chéad Chogadh Púnach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Troideadh an Chéad Chogadh Púnach (264-241 RC) i bpáirt ar thalamh na Sicile agus na hAfraice, ach den chuid is mó ba chogadh cabhlaigh é. Thosaigh sé mar coimhlint áitiúil sa tSicil idir Iéro II na Sioracúise agus na Mamartíní ó Mhesána. Bhailigh na Mamartíní chucu féin cabhair ó chabhlach na Cartaige, ach ina dhiaidh, sin rinne siad feall orthu ag impigh ar Sheanad na Róimhe cúnamh a thabhairt dóibh i gcoinne na Cartaige. Sheol na Rómhánaigh garastún chun na Measáine a dhaingniú, agus mar gheall ar an feall sin, chuidigh na Cartagaigh leis na Síoracúsaigh. Anois agus an dá chumhacht in achrann lena chéile san choimhlint, d'fhormhéadaigh an teannas eatarthu go tapa go cogadh lánscála le haghaidh na Sicile a smachtú.

Tar éis an bhriste ghéir ag Cath Agrigentum sa bhliain 261 RC, shocraigh ceannaireacht na Cartaige gan a thuilleadh rannpháirtíochtaí thalamh-bhunaithe díreach le léigiúin chumhachtacha na Róimhe a bheith acu, ach díriú ar an bhfarraige áit gur chreid siad go mbeadh an buntáiste ag loingeas ollmhór na gCartach. Ar dtús, bhí an lámh in uachtar ag na Chartaigh. Sa bhliain 260 RC bhris siad ar chabhlach nua na Rómhánach ag Cath na nOileán Aeolach. D'aisfhreagair na Rómhánaigh go tapaidh, áfach, tríd a gcabhlach a mhéadú go suntasach in am an-ghearr. Laistigh de dhá mhí, bhí cabhlach de os cionn céad long cogaidh acu. Toisc go raibh a fhios acu nach bhféadfadh siad na Cartaigh a threascairt, leis na gnáth teaicticí, sé sin le reithí, chuir na Rómhánaigh an corvus, droichead ionsaithe, ar bharr a longa. Bheadh na Rómhánaigh in ann an droichead a luascadh thart chuig long an namhaid agus bheadh an spíce géar ar a bharr in ann long an namhaid a stopadh. D'fhéadfadh leigiúnaigh Rómhánacha léim ar bord ansin agus an long a ghabháil. Laghdaigh úsáid na teaictice nuálaí buntáiste chabhlach na gCartach i gcomhrac long-le-long agus thug sé cead do choisithe na Róimhe páirt a ghlacadh i gcoimhlintí cabhlaigh. Mar sin féin, bhí an corvus anásta agus contúirteach freisin, mar sin, cuireadh deireadh leis de réir a chéile nuair a d'éirigh cabhlach na Róimhe níos cleachtaithe agus inniúla. Ach amháin gur bhriseadh orthu ag Cath Túinis san Afraic, agus faoi dhó i gcomhrac cabhlaigh, bhí bua beagnach gan bhriseadh ag fórsaí na Róimhe sa Chéad Chogadh Púnach. Sa bhliain 241 RC, shínigh an Chartaig conradh síochána faoi théarmaí a thug uirthi an tSicil a thréigint agus cúiteamh chogaidh a íoc. Bhí an cogadh fada costasach don dá chumhacht, ach bhí an Chartaig go mór níos éagobhsaithe dá bharr ná an Róimh. Sa bhliain 238 RC, bhí an Chartaig sáite isteach i gCogadh na nAmas, agus, lena linn, ghabh an Róimh an tSairdín agus an Chorsaic. B'í an Róimh anois an stát is cumhachtaí san Iar-Mheánmhuir: bhí a cabhlach mór in ann cosc a chur ar ionradh farraige ar an Iodáil, na bealaí trádála tábhachtacha farraige a rialú, agus ionsaí ón fharraige a dhéanamh ar thíortha i gcéin.

Toradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith an Chartaig na blianta i ndiaidh an chogaidh ag cur feabhais ar a cuid chúrsaí airgeadais agus ag leathnú a Impireacht choilíneach in Hispania, faoin teaghlach míleata "Uí Bharcid". Bhí aird na Róimhe dírithe, den chuid is mó, ar na chogaidh Illíreacha. Sa bhliain 219 RC, d'ionsaigh Hannibal, mac Amlicar Barca, Saguntum in Hispania, cathair a bhí ina comhghuaillithe ag an Róimh, agus cuireadh tús leis an Dara Cogadh Púnach.

An Tréimhse idir an Chéad agus an Dara Cogadh Púnach[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Polibius bhí roinnt comhaontuithe trádála idir an Róimh agus an Chartaig, fiú comhghuaillíocht chomhpháirteach i gcoinne an rí Piorr Epirót. Nuair a rinne an Róimh agus na Cartagaigh síocháin sa bhliain 241 RC, scaoileadh saor na 8,000 príosúnach cogaidh go léir a bhí faoi ghlas ag na Cartagaigh, agus ní raibh ar an Róimh aon airgid fhuascailte a íoc astu, ina theannta sin, fuair an Róimh roinnt mhaith airgid mar slánaíocht chogaidh. Mar sin féin, dhiúltaigh na Cartagaigh na tréigtheoirí Rómhánacha a bhí ag fónamh i measc a gcuid trúpaí a sheachadadh go dtí an Róimh.

D'éirigh an chéad conradh a bhí eatarthu ina cnámh spáirne, conradh a bhí comhaontaithe idir Amlicar Barca agus ceannasaí Rómhánach na Sicile. Bhí alt ann sa chonradh seo ina raibh sé leagtha síos mar choinníoll go raibh ar tionól coiteann na Rómhánach glacadh leis an gconradh d'fhonn é a bheith bailí. Ar an drochuair, dhiúltaigh an tionól an conradh agus d'ardaigh sé an méid slánaíochta a bhí ar an Chártaig a íoc.