Berkeley, California
Berkeley, California | |||||
---|---|---|---|---|---|
Berkeley (en) | |||||
Ainmnithe in ómós | George Berkeley | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | California | ||||
County of California (en) | Contae Alameda, California | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 124,321 (2020) | ||||
• Dlús | 2,713.15 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 45,884 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Located in statistical territorial entity (en) | Limistéar Chuan San Francisco | ||||
Achar dromchla | 45.821691 km² | ||||
• Uisce | 40.834 % | ||||
Airde | 52 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1866 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Ceannaire an rialtais | Jesse Arreguín (2016–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 94704, 94703 agus 94702 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 510 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | berkeleyca.gov |
Cathair in iarthar-lár California is ea Berkeley. Tá sé suite ar bhruach thoir Bhá San Francisco i dtuaisceart Chontae Alameda. Tá sé ainmnithe i ndiaidh George Berkeley, easpag agus fealsamh Éireannach ón 18ú haois. Tá sé ag críochantaíocht le Oakland agus Emeryville ó dheas agus le Albany agus le Kensington ó thuaidh. Ar an taobh thoir, tá Berkeley ag críochantaíocht le Contae Contra Costa, teorainn a leanann barr dhroim Chnoic Berkeley a bheagán nó a mhórán. Sa bhliain 2010 fuarthas 112,580 duine ina gcónaí in Berkeley.
Tá an campas is sine i gcóras Ollscoil California (.i. Ollscoil California, Berkeley, suite in Berkeley, agus tá Saotharlann Náisiúnta Lawrence Berkeley sa chathair freisin. Tá an Graduate Theological Union, atá ar cheann de na hinsitiúidí léinn reiligiúnda is mó ar domhan, in Berkeley chomh maith. Tá an clú ar an gcathair go bhfuil an liobrálachas sóisialta in ardréim inti.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an banda Chochenyo/Huchiun den phobal Ohlone ina gcónaí ar shuíomh na cathrach nuair a tháinig na chéad Eorpaigh. Tá poill i leaca le feiceáil fós ina meilidís dearcán. Tá cuid de charn sliogán a d'fhág na bundúchasaigh ar an gcósta chomh maith. Bhain Sluaíocht De Anza, faoi bhratach na Spáinne an áit amach sa bhliain 1776 (cé gur daoine de shliocht measctha ab ea formhór na ndaoine sa ghrúpa úd). Rainse mór Spáinneach, ar le Luis Peralta agus a chuid mac, a bhí ann gur tháinig slua mór Meiriceánach agus eachtrannach eile sa bhliain 1848 (Ruaig an Óir California) agus sna blianta ina diaidh sin. Ionchorpraíodh Berkeley mar chathair sa bhliain 1878 agus tugadh cairt don chathair sa bhliain 1895.
Rinneadh an dúil sin beircéiliam den chéad uair ag baint úsáide as cioglatrón 60-orlach in UC Berkeley. Ainmníodh é sa bhliain 1949 mar aitheantas ar an ollscoil.