Saotharlann Náisiúnta Lawrence Berkeley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Radharc ar Choláiste na Ceimice agus ar Shaotharlann Náisiúnta Lawrence Berkeley ar champas Ollscoil California, Berkeley

Saotharlann náisiúnta de chuid Roinn Fuinnimh na Stát Aontaithe is ea Saotharlann Náisiúnta Lawrence Berkeley (Béarla: Lawrence Berkeley National Laboratory nó LBNL). Saotharlann Radaíochta Berkeley an t-ainm a bhí uirthi i dtús báire, agus tugtar Berkeley LabLBL uirthi go minic. Leasainm atá uirthi le fada an lá ná an "Radlab". Tá an tsaotharlann suite in Berkeley, California. Déantar taighde inti atá faoi iontaoibh ach ní rúnda amach is amach. Ollscoil California a ritheann í. Is í an tsaotharlann náisiúnta is sine ag Roinn an Fhuinnimh.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ernest Orlando Lawrence, a raibh baint aige le Roinn na Fisice in Ollscoil California, Berkeley, a bhunaigh an tsaotharlann ar 26 Lúnasa 1931 mar áit le taighde a dhéanamh ar an bhfisic ag baint úsáide as a ghléas nua, an cioglatrón, sórt luasaire cáithníní. Bronnadh Duais Nobel na Fisice ar Lawrence sa bhliain 1939 as an cioglatrón a fhionnachtain. [1]

Bhraith Lawrence ar dheontóirí príobháideacha sna 1930idí. De réir a chéile, d'fhás na cioglatróin go rabhdar rómhór don suíomh i lár an champais agus d'aistrigh siad iad go háit ar bharr an chnoic os comhair an champais sa bhliain 1940. Beirt eolaithe óga a bhí páirteach sa tionscadal sa tréimhse seo ná J. Robert Oppenheimer, a bhunaigh Saotharlann Los Alamos ní ba dhéanaí agus Robert Wilson, a bhunaigh Fermilab. Rinne Leslie Groves cuairt ar an Saotharlann Radaíochta i mBerkeley sa bhliain 1942 agus chuir sé aithne ar Oppenheimer den chéad uair ar an gcuairt sin. Cuireadh Oppenheimer i gceannas ar fhorbairt rúnda an bhuama adamhaigh agus ba chuid den iarracht úd é bunú Los Alamos.

I measc éachtaí na saotharlainne ón Dara Cogadh Domhanda i leith, áirítear breithniú an fhrithphrótóin, fionnachtain roinnt dúilí trasúranacha agus fionnachtain luasadh an uilebhith. Ó cuireadh an tsaotharlann ar siúl, bronnadh Duais Nobel ar dháréag a raibh baint acu le Saotharlann Berkeley, mar atá, Ernest Orlando Lawrence, Glenn Theodore Seaborg, Edwin McMillan, Owen Chamberlain, Emilio Segrè, Donald A. Glaser, Melvin Calvin, Luis W. Alvarez, Yuan T. Lee, Steven Chu, George F. Smoot agus Saul Perlmutter.[2]

Baill d'fhoireann Shaotharlann na Radaíochta bailithe timpeall na cuinge maighnéadaí de chioglatrón 60-orlach, 1938

Inniu, tá isteach is amach le 4,000 duine fostaithe ag LBNL, 800 mac léinn na hollscoile san áireamh.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Lawrence and His Laboratory: Chapter 1: A New Lab for a New Science". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Márta 3, 2016. Dáta rochtana: Meitheamh 6, 2018.
  2. "About the Lab".