Cioglatrón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cioglatrón

Is éard atá sa chioglatrón ná luasaire cáithníní ina ndéantar cáithníní fo-adamhacha a luasghéarú go dtí luasanna is fuinnimh mhóra chun taighde a dhéanamh ar an núicléas is a chomhdhéanamh. Dhá bhosca leathchiorclacha chothrománacha mhiotalacha a bhíonn ann, agus réimse maighnéadach ingearach dóibh. Is féidir réimse ailtéarnach leictreach a chur idir an dá leath. Gintear na cáithníní i lár baill, agus luasghéaraítear iad ar raon bíseach amach ón bhfoinse ag an dá réimse leictreacha i bplána an bhosca atá ingearach leis an réimse maighnéadach. Úsáidtear é in imbhuailteoirí áirithe.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1928 chéadcheap an fisiceoir Ungárach Leo Szilárd an luasaire líneach agus bhain sé amach paitinn dó. Sa bhliain a bhí chugainn bhí Szilárd ar an gcéad duine a luaigh "coinníoll athshondais" an ghléasra chiorclaigh luasghéaraithigh (coincheap ar a dtugtar minicíocht an chioglatróin inniu) in iarratas paitinne sa Ghearmáin. Eisean a chéadcheap an cioglatrón agus an peinteatrón agus a chuir paitinn orthu. Cúpla mí ina dhiaidh sin rith bunsmaoineamh an chioglatróin le hErnest Lawrence i ndiaidh dó alt eolaíoch leis an bhfisiceoir Rolf Widerøe inar tugadh cur síos ar an luasaire líneach cáithníní síobfheadánbhunaithe. D'fhoilsigh Lawrence alt ar an iris úd Science sa bhliain 1930 agus bhain sé amach paitinn dá chioglatrón féin sa bhliain 1932. D'úsáid sé seanmhaighnéid mhóra leictreacha a bhí díchoimisiúnaithe ag an bhFederal Telegraph Company: páirteanna ab ea iad i stua-tharchuradóirí raidió, ar dtús. Bhí ról tábhachtach ag an mac léinn iarchéime M. Stanley Livingston agus é ag iompú scéimeanna teoiriciúla Lawrence go gléasra a bhí ag obair. Sna tríochaidí chuir Lawrence agus a fhoireann i dtoll le chéile sraith cioglatrón i Saotharlann na Radaíochta in Ollscoil California i mBerkeley a bhí ní ba chumhachtaí ná aon luasaire eile san am. Sa bhliain 1945 d'fhorbair Lawrence an chéad sincricioglatrón, ach roimhe sin féin - sa bhliain 1939 - thabhaigh a obair ar an gcioglatrón duais Nobel san fhisic dó.

An chéad chioglatrón a tógadh san Eoraip, ba iad na fisiceoirí in Institiúid an Raidiam i Leningrad (An tAontas Sóivéadach) a chruthaigh é. Ba é Vitalii Khlopin a bhí i gceannas ar roinn na fisice san institiúid, agus ba iad Georgii Gamov (nó George Gamow, mar a litríodh sé a ainm i ndiaidh dó socrú síos sna Stáit Aontaithe) agus Lev Mysovskii a mhol go dtógfaí cioglatrón le haghaidh na hinstitiúide. Thosaigh an cioglatrón sin ag obair sa bhliain 1937.

Sa Ghearmáin Naitsíoch tógadh an chéad chioglatrón sa bhliain 1937 i Saotharlann Otto Hahn, Institiúid an Impire Uilliam (Kaiser-Wilhelm-Institut) in Dahlem (Beirlín). Bhaineadh Rudolf Fleischmann leas as an gcioglatrón seo chomh maith. Tógadh cioglatrón eile i Heidelberg, agus ba iad Walther Bothe agus Wolfgang Genther a bhí i gceannas ar an obair. Fuair siad tacaíocht ón Heereswaffenamt, is é sin, Oifig Arm na bhFórsaí Armtha. Thosaigh an cioglatrón seo ag obair sa bhliain 1943.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cioglatrón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 137.