Hayward, California

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Hayward, California

Cathair i dtuaisceart Chalifornia is ea Hayward. Tá Hayward suite i ndeisceart Chontae Alameda idir Castro Valley agus Union City. Tá sé suite ar bhruach thoir Bhá San Francisco agus áiritear Hayward mar sin mar chuid den fhoréigiún thoir de Cheantar Bhá San Francisco. Sa bhliain 2016 measadh 158,937 duine a bheith ina gcónaí in Hayward.

Tá daoine ina gcónaí san áit ina bhfuil Hayward leis na mílte de bhlianta, ach tosnaíonn a stair fhoirmeálta sa bhliain nuair a tugadh cairt do Guillermo Castro lonnú ann. Rancho San Lorenzo an t-ainm a bhí ar an eastát a chuir sé ar bun. D'imigh Castro agus a theaghlach leo go dtí an tSile sa bhliain 1864 i ndiaidh an rainse a chailleadh i gcluiche cártaí. Tá Hayward ar Éasc Chrios Hayward. Sa bhliain 1868 scriosadh an chuid ba mhó de na foirgnimh le linn crith talún. Rinneadh cathair den bhaile sa bhliain 1876.