Aosú
Sraith athruithe a tharlaíonn don cholainn a mbíonn gaol acu le méadú mortlaíochta de réir mar a mhéadaíonn an aois. Léargas amháin ar an bpróiseas is ea teip na colainne oiriúnú d'athruithe sa chomhshaol (a mhéadaionn go leanúnach). Nuair a éiríonn an raon comhshaolta is féidir leis an gcolainn oiriúnú dóibh níos lú ná íosraon na gcomhshaolta a bhíonn ann de ghnáth, faigheann an t-orgánach bás. Sna teoiricí nua-aoiseacha ar an laghdú oiriúnachta seo, meastar gur de bharr earráidí i macasamhlú an DNA i gcilldeighilt agus/nó earráidí i dtáirgeadh próitéiní is einsímí ag na cealla a tharlaíonn sé. Carnann na hearráidí seo mar thoradh ar athruithe san ábhar géiniteach de réir mar a théann indibhid in aois.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |