Aosú an phobail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
pirimid aoise,Tuaisceart na hÉireann, 1970-2050

Is treocht é aosú an phobail (Béarla: population ageing)[1] sa domhan forbartha ag a bhfuil impleachtaí fadtéarmacha socheacnamaíocha agus déimeagrafacha.

pirimid aoise, Éire, 2023

Pleanáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá muintir na hEorpa ag maireachtáil níos faide ná riamh, agus tá aoisphróifíl na sochaí ag athrú go tapa.[2]

Cuireann an treocht seo dualgas ar na húdaráis dul i ngleic le deacrachtaí a bhaineann leis an daonra atá ag dul in aois agus an t-éileamh a bheidh ar sheirbhísí an stáit sa tréimhse sin, srl. Ní foláir a thionchar ar an státchiste amach anseo a mheá in am. Tá go leor saoránach atá níos sine ná 65 ag brath faoi láthair ar an teacht isteach ó gach oibrí a íocann cáin. Ach beidh i bhfad níos mó ón aoisghrúpa sin ag brath ar an gcáiníocóir amach anseo. [3]

Bhí Thomas Malthus den bharúil go mbeadh dul chun cinn gan deireadh i dtreo na hútóipe i mbaol, luath nó mall, ag an bhfás daonra a bheadh mar thoradh ar an dul chun cinn céanna (na "srianta Malthus").

Inniu san Iarthar, bíonn ganntanas oibrithe ag cur isteach ar fhorbairt. Ach tá an imirce ann mar rogha chun dul i ngleic leis an dúshlán a eascraíonn as aosú an phobail.[4]

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá muintir na hÉireann ag dul in aois, mar atá á léiriú ag tuairiscí na Príomh-Oifige Staidrimh le tamall. Tháinig méadú ar mheánaois an daonra an Stáit ó 37.4 bliana in 2016 go 38.8 bliain in 2022, rud atá ag leanúint leis an treocht daonra atá ag dul in aois ó 2011 nuair arbh 36.1 bliana a bhí ann.[5]

Meastar go raibh 800,000 duine atá os cionn 65 bliain sa stát sa bhliain 2023, agus go mbeidh breis agus 1.2 milliún san aoisghrúpa sin in 2041, is é sin i gceann 18 bliain. Cuirfidh an méadú brú as cuimse ar an tseirbhís sláinte ach beidh mór-athrú de dhíth ar sheirbhísí eile, gan trácht ar mhaoiniú gach seirbhíse.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ageing Population - CSO - Central Statistics Office" (en). www.cso.ie. Dáta rochtana: 2024-01-24.
  2. consilium.europa.eu (2021). "n tAosú a Phríomhshruthú i mBeartais Phoiblí / Conclúidí ón gComhairle (6976/21 mnd/FOB/sjs 2)". Dáta rochtana: 2024.
  3. 3.0 3.1 Cathal Mac Coille (20 Eanáir 2024). "Bás sa bhaile – tá sé in am an ceart sin a thabhairt do dhaoine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-24.
  4. Bearnaí Ó Doibhlin (Fómhair 2012). "Fáilte roimh Inimircigh ón Áise" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-01-24.
  5. "Preasráiteas - Daonáireamh 2022: Torthaí Achoimre - CSO - Central Statistics Office" (en). www.cso.ie (2023-05-30). Dáta rochtana: 2024-01-24.