Andrey Kolmogorov
Matamaiticeoir a rugadh i dTambov na Rúise ab ea Andrey Nikolayevich Kolmogorov (25 Aibreán 1903 – 20 Deireadh Fómhair 1987). Rinne sé taighde bunúsach i réimsí éagsúla: feidhmeanna athróige réadaí, anailís feidhmeanna, loighic mhatamaiticiúil, toipeolaíocht, teoiric na suaiteachta, teoiric an eolais, agus cibirnitic. Cáil air as teoiric aicsímeach na dóchúlachta, a leabhar Grundbegriffe der Wahrscheinlichkeitsrechnung (Uraiceacht na Dóchúlachta, 1933), agus a shaothar le Alexander Khinchin (1894-1959) ar phróisis Markov.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |