Toipeolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réimse den mhatamaitic a phléann le cruthanna is spásanna agus a n-airíonna. Mar shampla, déantar staidéar ar na céimeanna is gá chun cruth amháin a athrú i gcruth eile, agus uaidh sin déantar an dá chruth sin a shainiú is a idirdhealú. Is léarscáil thoipeolaíoch í an ghnáthléarscáil d'Iarnród Faoi Thalamh Londan, a léiríonn na línte go léir idir na stáisiúin ach nach bhfuil de réir scála. Tagann teoiric na snaidhmeanna isteach san ábhar seo, agus is mór an chabhair í d'fhisiceoirí is bitheolaithe móilíneacha, ag iarraidh cruth, leagan amach is feidhmiú móilíní de shaghas na bpróitéiní, na n-einsímí, DNA, is na ngéinte ar na crómasóim a thuiscint. Tháinig an t-ábhar go mór chun cinn sa 20ú céad chun na feidhmeanna a d'fhéadfadh a shainmhíniú ar spás ar leith a chinntiú, agus spásanna eile a aimsiú a chuimseodh an chéad spás. Baintear feidhm aisti i matamaitic fheidhmeach chun airíonna bunúsacha damhna is córais dhinimiciúla a mhíniú. Luaitear an focal céanna chun cur síos ar chruth tírdhreacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Toipeolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 667.