Teangeolaíocht ríomhaireachtúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Saothrú is feidhmiú teicníochtaí staitistiúla is ríomhaireachtúla mar chuid den staidéar ar theangacha. I measc na staidéar a dhéantar tá anailísiú minicíocht focal áirithe chun scríbhneoireacht téacs a anailísiú, mar shampla chun údar an téacs a chur le bonn, úsáid ríomhairí in anailísiú is sintéis urlabhra, staidéar ar theicníochtaí aistrithe uathoibríoch, agus saothrú mionsamhlacha ríomhaireachtúla struchtúir is idirghníomhú teangeolaíochta mar chuid den taighde ar intleacht shaorga.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teangeolaíocht ríomhaireachtúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 647.