Jump to content

Rialtas Vichy na Fraince

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Fhrainc Víseach)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRialtas Vichy na Fraince
État français (fr) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnMaréchal, nous voilà ! Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Travail, famille, patrie» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósVichy Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 46°10′00″N 3°24′00″E / 46.16667°N 3.4°E / 46.16667; 3.4
Críoch á éileamh agFrance libre Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairPáras agus Vichy Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Teanga oifigiúilan Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnCaitliceachas Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síTroisième République Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 10 Iúil 1940
Díscaoileadh29 Lúnasa 1944
Á leanúint agRialtas Sealadach Phoblacht na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisdeachtóireacht, údarásaíochas agus stát ar adhastar Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachVichy National Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire Rialtas Vichy na Fraince Cuir in eagar ar WikidataPhilippe Pétain Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrafranc na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Rialtas Vichy na Fraince (Fraincis: Régime de Vichy), faoi cheannas an Mharascail Philippe Pétain, i gcumhacht sa Fhrainc le linn an Dara Cogadh Domhanda, ó 10 Iúil 1940 go 9 Lúnasa 1944. Cé gurbh é Páras an phríomhchathair in ainm, bunaíodh an rialtas sa bhaile saoire Vichy sa limistéar nach raibh faoi fhorghabháil na Naitsithe (la zone libre), áit a raibh sé freagrach as riarachán sibhialta na Fraince agus a cuid coilíneachtaí.[1] Bhí an stát neamhspleách go hoifigiúil, ach in 1940 agus 1941 bhí cuid mhaith dá chríoch faoi fhorghabháil na Gearmáine Naitsíche faoi théarmaí crua an tsosa chogadh a síníodh in 1940, agus dá bharr sin, rinne an rialtas Vichy comhoibriú leis na Naitsithe. Faoi dheireadh na bliana 1942, bhí an chuid eile de chríoch na Fraince san Eoraip gafa ag na Gearmánaigh agus na hIodálaigh, rud a chuir deireadh leis an gcur i gcéill gur rialtas neamhspleách é an rialtas in Vichy.

Thosaigh Tríú Poblacht na Fraince an cogadh i Meán Fómhair 1939 ar thaobh na gComhghuaillithe. Ar an 10 Bealtaine 1940, rinne an Ghearmáin Naitsíoch ionradh uirthi. Bhris Arm na Gearmáine trí línte na gComhghuaillithe go tapa, ag dul chun tosaigh tríd an mBeilg, Lucsamburg, agus na hArdennes, agus sa chaoi sin Líne Maginot (a bhí an-daingnithe) a sheachaint. Faoi lár mhí an Mheithimh, bhí arm na Fraince i gcruachás, agus ba léir go gcaillfeadh sé críocha na Fraince san Eoraip. Thosaigh rialtas na Fraince ag plé sos cogaidh. D’éirigh Paul Reynaud as a phost mar Phríomh-Aire in áit sos cogaidh a shíniú, agus tháinig an Marascal Pétain, laoch sa Chéad Chogadh Domhanda, i gcomharbas air. Go gairid ina dhiaidh sin, shínigh Pétain an sos cogaidh ar an 22 Meitheamh 1940.

Bhunaigh Pétain rialtas forlámhach in Vichy a chuir go leor polasaithe liobrálacha ar ceal, agus a chuir tús le riaradh daingean ar an ngeilleagar. Tháinig Caitlicigh Choimeádacha chun cinn, agus chaill Páras a stádas avant-garde in ealaín agus i gcultúr na hEorpa. Choinnigh an rialtas greim láidir ar na meáin, agus chuir sé frith-Sheimíteachas, agus, tar éis tosú Oibríocht Barbarossa i mí an Mheithimh 1941, frith-Shóivéadachas chun cinn. Thug téarmaí an tsosa cogaidh leibhéal áirithe neamhspleáchais agus neodrachta do rialtas Vichy. Mar shampla, d'fhan Cabhlach na Fraince agus coilíneachtaí na Fraince faoi stiúir na bhFrancach, agus bhí siad in ann forghabháil iomlán na tíre a sheachaint. In ainneoin brú ón Ghearmáin, ní dheachaigh rialtas Vichy isteach san Ais riamh, agus bhí sé ina chogadh leis an nGearmáin go foirmiúil. Go praiticiúil, áfach, rialtas comhoibritheach a bhí ann.

D'imtheorannaigh an Ghearmáin dhá mhilliún príosúnach cogaidh Francach, agus chuir sí obair éigeantais (service du travail obligatoire) i bhfeidhm ar fhir óga na Fraince. Coinníodh saighdiúirí Francacha ina ngiall le cinntiú go laghdódh Vichy a chuid fórsaí míleata agus go n-íocfadh sé dúchíos i bhfoirm óir, bia, agus lon cogaidh don Ghearmáin. Ordaíodh do ghardaí na Fraince Giúdaigh agus “daoine nach bhfuil fáilte rompu” (m.sh. cumannaithe agus teifigh pholaitíochta) a ghabháil, agus maraíodh ar a laghad 72,500 Giúdach Francach i sluachampaí géibhinn Naitsíocha.[2]

Thacaigh formhór phobal na Fraince leis an rialtas ar dtús, ach tháinig athrú intinne orthu mar a lean an cogadh ar aghaidh agus chuaigh coinníollacha maireachtála sa Fhrainc in olcas. Tháinig dlús leis an bhfreasúra nuair a ba léir go raibh an Ghearmáin ar tí an cogadh a chailleadh. D'éirigh Frithbheartaíocht na Fraince, ag obair i gcomhar leis an ngluaiseacht France Libre a bhí lonnaithe i Londain, níos láidre le himeacht ama. Nuair a cuireadh tús le saoradh na Fraince in 1944, insealbhaíodh Rialtas Sealadach Phoblacht na Fraince (Gouvernement provisoire de la République française, nó GPRF) mar an rialtas náisiúnta nua, faoi cheannas Charles de Gaulle.

Gabhadh an ball deireanach de Rialtas Vichy i gCaisleán Sigmaringen i mí Aibreáin 1945. Chuir an GPRF Pétain ar a thriail as tréas a dhéanamh agus daoradh chun báis é, ach laghdaigh de Gaulle an pionós go dtí príosúnacht saoil. Níor cuireadh ach ceathrar oifigeach sinsearach i Rialtas Vichy ar a dtriail as coireanna in aghaidh na daonnachta, cé gur ghlac mórán páirt i ndíbirt na nGiúdach, i mí-úsáid príosúnach, agus i ngníomhartha cruálacha in aghaidh baill den Fhrithbheartaíocht.

  1. Julian T. Jackson, France: The Dark Years, 1940–1944 (2001).
  2. Le Bilan de la Shoah en France [Le régime de Vichy]”. bseditions.fr.