Jump to content

Ailse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Ailse)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarAilse
cuir in eagar
Cineálgalar iomadaithe cheallaigh, neoplasma, siad agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Eapainmcrab (en) Aistrigh agus crústach Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisoinceolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Pataigineas
Cúiscúis ailse agus infectious causes of cancer (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Éifeachtpian ailse Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10C00-C97 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9199 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-O8000/3 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPA79 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0087750 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB28843 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus001289 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0006826 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:162 Cuir in eagar ar Wikidata

An ailse a thugtar ar ghrúpa de ghalair áirithe ina mbíonn cealla ag fás agus ag táirgeadh cóipeanna as smacht[1]. Galar is ea an ailse a fhéadfaidh a bheith marfach ina dtarlaíonn atáirgeadh neamhrialta i bhfíochán ar leith ionas go gcruthaítear siad sa cholainn[2].

Nuair is mall fás is leathadh an tsiada, is siad éadrom é, cosúil le faithní is baill dobhráin. Is siad urchóideach siad a leathann trí insíothlú isteach i bhfíocháin eile nó a théann isteach in imshruthú na fola, a neadaíonn is a fhásann siada (meiteastáiseanna) in áiteanna eile ar fud na colainne.

Is iomaí saghas ailse atá ann, agus is galair mharfacha iad cuid mhaith díobh. Tá níos mó ná 100 saghas ann, agus is cúis í le níos mó ná 30% de na básanna in Éirinn sa bhliain 2017.[3] Is é ailse ionrach an cineál ailse a d'fhéadfadh leathadh ón áit ar aimsíodh é i dtosach go dtí codanna eile den chorp.[4]

cealla ag fás agus ag táirgeadh
físeán (Cancer Research UK)
Ailse chíche

Tá go leor cúiseanna éagsúla ann.

Maraíonn an ailse duine trí fhíocháin riachtanacha a mhilleadh, cur isteach ar a bhfeidhmeanna (trí othrasú, rith fola is ionfhabhtú), nó cur isteach ar chothú na colainne. Is údar ailse nó carcanaigin aon ghníomhaí a chuireann tús le hailse.

Ailse chraicinn

Tá an-chuid carcanaiginí ar eolas, ina measc caitheamh tobac, deatach tionsclaíoch, X-radaíocht, gámaradaíocht, radaíocht ultraivialait, agus an-chuid ábhair datha, mar shampla aispeist.

Sa bhliain 2023, thug staidéar de chuid Imperial College London rabhadh go bhféadfadh gnáth-bhianna próiseáilte (mar shampla, arán, gránach, liamhás, brioscáin, uachtar reoite srl) an baol ailse a mhéadú.[5][6][7]

Meastar go gcuireann carcanaigin bun le hathruithe i ngéinte cille, agus gur uaidh sin a spreagann na géinte athraithe an fás neamhrialta ailseach.

Ailse ghoile

Déantar anailísiú micreascópach ar chealla an tsiada urchóidigh, agus léiríonn sé sin airíonna is bunús na gceall.

Má bhíonn airíonna bunúsacha na gceall caillte, deirtear go bhfuil siad neamhdhifreáilte (anaplaisteach), agus de ghnáth bíonn siad mar seo an-urchóideach, ag fás meiteastáiseanna go tapa.

Go hiondúil ligeann anailís mhicreascópach na gceall ailseach don dochtúir an chóireáil is fearr a phleanáil chun teacht sa mhullach ar an ailse: máinliacht, radaiteiripe le X-radaíocht nó gámaradaíocht, nó ceimiteiripe le drugaí éagsúla.

Tíopeolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rangaítear ailsí i 4 ghrúpa mar seo:

  • Carsanóma (a thosaíonn sa chraiceann nó i gcealla dromchlacha (eipitéileacha) na bhfíochán taobh istigh den cholainn),
  • Sarcóma (a bhaineann le cnámh, matán, loingeán nó saill),
  • Leoicéime (a thosaíonn i gcealla bána (leocaicítí) na fola), agus
  • liomfóma (a thosaíonn sa líonra feadán a bhailíonn an limfe, an leacht gan dath a phúscann amach as na fíocháin sa cholainn).

Is éard aþa i gceist le ailse ionrach ná an cineál ailse a d'fhéadfadh leathadh ón áit ar aimsíodh é i dtosach go dtí codanna eile den chorp.

Cúram ailse in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir na bhfigiúirí sa bhliain 2022 ón gClárlann Náisiúnta Ailse, bhí os cionn 200,000 duine a bhfuil nó a raibh ailse ionrach orthu fós ina mbeatha; sin duine as gach 24 de dhaonra iomlán an Stáit.[8] Bhí an líon daoine a tháinig slán ó ailse ardaithe 50% idir 2011-2021.[9] Is é an ailse scamhóg - thar aon chineál ailse eile - is mó is cionsiocair le hothair ag fáil bháis.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
liomfóma
  1. Úsáidtear an leagan aillse i nGaeilge na hAlban.
  2. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  3. https://www.cancer.ie/about-us/media-centre/cancer-statistics agus http://www.cso.ie/en/index.html
  4. Conradh na Gaeilge, Londain (3 Nollaig 2022). "Nuchat Mhall (An Dún)" (as ga-IE). 
  5. "Rabhadh ailse nua faoi ‘sliced pan’ agus ‘ice cream’" (en-GB) (2023-02-05). Dáta rochtana: 2023-02-07.
  6. Kiara Chang, Marc J. Gunter, Fernanda Rauber, Renata B. Levy, Inge Huybrechts, Nathalie Kliemann, Christopher Millett, Eszter P. Vamos (2023-01-31). "Ultra-processed food consumption, cancer risk and cancer mortality: a large-scale prospective analysis within the UK Biobank" (as English). eClinicalMedicine 0 (0). doi:10.1016/j.eclinm.2023.101840. ISSN 2589-5370. 
  7. "Ultra-processed foods may be linked to increased risk of cancer | Imperial News | Imperial College London" (en). Imperial News. Dáta rochtana: 2023-02-07.
  8. Nuacht RTÉ (2022-11-29). ""Níos mó daoine ag teacht slán ó ailse ionrach anois ná riamh"" (as ga-IE). 
  9. "More surviving invasive cancer diagnoses - report" (as en) (2022-11-29).