Alistair MacLean

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAlistair MacLean
Beathaisnéis
Breith(en) Alistair Stuart MacLean
21 Aibreán 1922
Baile Nighean Sheadna, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Feabhra 1987
64 bliana d'aois
München, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaOld Cemetery of Céligny (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ghlaschú
Ardscoil Hillhead
Acadamaidh Ríoghail Inbhir Nis Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithean Eilvéis
Deimhidh
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir scripte, múinteoir, beathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1955 –
SeánraÚrscéal eachtraíochta
Ainm cleiteIan Stuart Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataCabhlach Ríoga
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairAlistair Maclean

IMDB: nm0533745 Allmovie: p100575
Discogs: 2890071 Find a Grave: 9175387 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir scéinséirí ó Albain ab ea Alistair Stuart MacLean (Gaeilge na hAlban: Alasdair Stiubhart Mac Gill-Eathain) a tháinig chun saoil i mBaile Sheadna, Glaschú, ar an 21 Aibreán 1922 agus a fuair bás i München, an Ghearmáin ar an 2 Feabhra 1987. Scríobh sé a lán scéinséirí agus úrscéalta cogaidh, agus scannánaíodh cuid mhaith acu, ar nós Where Eagles Dare agus The Guns of Navarone.

A Shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ministir Protastúnach a bhí in athair Mhic Gill-Eathain, agus is í an teanga a bhí á labhairt sa bhaile acu ná Gaeilge na hAlban. Cé gur rugadh i nGlaschú é, chaith sé cuid mhaith dá chéad óige i nDeimhidh, faoi dheich míle ó dheas d'Inbhir Nis. Bhí sé ar an tríú mac den cheathrar, agus ní raibh deirfiúracha aige.

Chuaigh sé sa Chabhlach Ríoga - loingeas cogaidh na Breataine Móire - sa bhliain 1941, agus chaith sé a raibh fágtha den Dara Cogadh Domhanda ar fiannas ansin. Ar dtús, bhí sé ina Ghnáthmhairnéalach, ina dhiaidh sin fuair sé céim suas go Mairnéalach Inniúil, agus sa deireadh rinneadh Oibritheoir Ceannasach Tóirpéad de. I dtús a ghairmréime bhí sé ag seoladh ar an mBournemouth Queen, bád spraoithurais a raibh gunnaí frith-aerárthaí curtha léi le long chogaidh a dhéanamh di. Bhí an bád seo ag tabhairt aire do chóstaí Shasana agus na hAlban. Sa bhliain 1943, fuair sé aistriú go dtí an HMS Royalist, cúrsóir éadrom cogaidh den aicme Dido. Agus é ag seoladh ar an long seo, ghlac sé páirt sa chogaíocht féin, nó bhí an Royalist ag cur catha amuigh san Atlantach, ag tíonlacan longa iompair go cuanta Artacha an Aontais Shóivéadaigh (Murmansk agus Arkhangelsk) nó ag troid longa Gearmánacha ar nós an Tirpitz timpeall ar chóstaí na hIorua. Sa bhliain 1944, bhí sé ag cur cogaidh timpeall na Meánmhara, ag cuidiú leis an ionradh ar Dheisceart na Fraince nó ag troid in oileáin na Gréige. Is féidir gur goineadh san am seo é, agus é ag cleachtadh aimsitheoireachta. Sa bhliain 1945, bhí sé arís ag tíonlacan longa iompair, sa Chian-Oirthear, nó bhí an cath á chur ar na Seapánaigh ansin go fóill. Ina dhiaidh sin, bhíodh sé ag maíomh gur chimigh na Seapánaigh é agus gur chéas siad é, ach dealraíonn sé nach raibh i gceist leis sin ach rámhaillíocht mheisciúil.

Festung Hohenwerfen: Where Eageles Dare

I ndiaidh an chogaidh fuair sé scor ó na fórsaí armtha agus chuaigh sé ag déanamh staidéir ar an mBéarla i nGlaschú. Bhain sé amach a chéim ollscoile sa bhliain 1953, agus shocraigh sé síos sa Ruadh-Ghleann lena chuid a shaothrú ag múineadh scoile.

Ansin, áfach, cuireadh cor eile ina chinniúint. Nuair a bhí sé ina mhac léinn, d'éirigh leis scéalta a fhoilsiú ó am go ham agus airgead breise a shaothrú ar an dóigh seo. Sa bhliain 1954 bhuaigh sé comórtas scéalaíochta le scéal farraige faoin teideal Dìleas. D'iarr an comhlacht foilsitheoireachta Collins air úrscéal a scríobh dóibh ansin, agus is é an leabhar a tháinig as a pheann ná HMS Ulysses. Bhí an leabhar bunaithe ar thaithí cogaidh an scríbhneora féin, ach fuair sé cabhair óna dheartháir, a bhí ina Mháistir Mairnéalaigh, is é sin, ina mhairnéalach oilte proifisiúnta. Bhí rath agus ráchairt ar an leabhar, agus shaothraigh sé chomh maith ar an leabhar sin agus go raibh sé in ann éirí as an múinteoireacht agus dul le scríbhneoireacht go lánaimseartha. Ba iad na húrscéalta spiaireachta, na scéinséirí agus na heachtraí cogaidh an dlúth is an t-inneach ina chuid scríbhneoireachta.

I dtús na seascaidí d'fhoilsigh MacLean dhá úrscéal faoin ainm cleite "Ian Stuart" lena thaispeáint don tsaol mhór gurbh é lorg na dea-oibre ba chúis le rath a chuid leabhar, seachas an t-ainm ar an gclúdach. Ní dhearna sé iarracht ar bith lena stíl phearsanta a cheilt, áfach, agus bhí blas na hAlban ar an ainm cleite féin.

Bhí MacLean ag saothrú go rímhaith ar a chuid leabhar, agus le fírinne bhí an t-airgead ag tonnadh isteach chomh flúirseach is go bhfuair sé riachtanach aistriú go dtí an Eilvéis le teacht slán ó chánachas na Ríochta Aontaithe. Sna blianta 1963-1966, arís, bhí sé ag dul le hóstóireacht mar shlí bheatha, agus é ag staonadh ón scríbhneoireacht ag an am.

Caisleán Duart : "When Eight Bells Toll"

I rith na mblianta, thosaigh a chuid scríbhneoireachta ag dul chun donais. Rinne sé iarrachtaí cuma níos nua-aimseartha a chur ar na scéalta, ach ansin, chuaigh na plotaí chun éadóchúlachta. Bhí sé róthugtha don bhiotáille freisin, agus ba é an t-alcólachas a mharaigh sa deireadh é. Fuair sé bás i München sa Ghearmáin sa bhliain 1987, agus cuireadh in aice leis an aisteoir Richard Burton é i reilig Cevigny, an Eilvéis.

Pósadh faoi dhó é, agus saolaíodh beirt mhac dó leis an gcéad bhean chéile. Thairis sin, d'uchtaigh siad buachaill amháin.

Bhronn Ollscoil Ghlaschú dochtúireacht litríochta air sa bhliain 1983 mar chéim oinigh as a éacht scríbhneoireachta.

A Stíl Scríbhneoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Murab ionann agus scríbhneoirí scéinséirí eile a linne ní raibh MacLean sásta grá ná craiceann a mheascadh tríd an scéal eachtránaíochta ina chuid úrscéalta, nó bhí sé den bharúil nach raibh a leithéid ach ag cur isteach ar an aicsean. Ba é an t-aicsean an rud ba thábhachtaí leis, muise, nó ina chuid leabhar bíonn na himeachtaí ag dul ar aghaidh go tiubh teirimeach, agus na laochra ag cur troda go dáigh daingean cé nach bhfuil ach caolseans acu teacht slán as an eachtra. Fear ciniciúil é laoch tipiciúil MacLean, ach san am chéanna tá a chroí ar fad ina chuid oibre, agus é ag fanacht i seilbh a chéille is ag breith ar a stuaim beag beann ar an drocháit ina bhfuil sé. Is minic a thagann deireadh agus fuascailt an scéil salach ar ar tharla i rith an scéil, agus an cara is fearr nó an comhoibrí is dílse dá bhfuil ag an laoch ag iompú amach ina fhealltóir.

Bhí an-pháirt ag an dúlra, go háirithe ag an bhfarraige agus ag an Tuaisceart Artach, i scéalta Alistair MacLean, agus ba mhinic a shuigh sé na himeachtaí in áiteanna coimhthíocha a chuirfeadh draíocht ar an léitheoir. Níl ach aon cheann amháin d'úrscéalta an scríbhneora suite in Albain, a thír dhúchais, mar atá, When Eight Bells Toll. Glactar leis gurb iad na scéalta ina raibh tarraingt aige ar thaithí a shaoil féin na cinn is fearr, cosúil le HMS Ulysses, a bhfuil meas an chlasaicigh air inniu mar úrscéal farraige.

Is féidir ceithre thréimhse a aithint ar úrscéalaíocht MacLean ó thaobh na stíle de:

  1. ó HMS Ulysses go The Last Frontier. Tá blas na heipice ar an scéal, agus é á insint sa tríú pearsa. An chuid is mó acu seo bhí siad suite i laethanta an Dara Cogadh Domhanda, agus marana moráltachta nó fealsúnachta measctha tríd an scéal, rud nach raibh na léitheoirí róshásta leis.
  2. ó Night Without End go Ice Station Zebra. Bhí na scéalta seo suite sa saol comhaimseartha, agus iad á insint sa chéadphearsa - uaireanta, bhí an fear inste neamhiontaofa. Bhí na húrscéalta seo ar maos le greann íorónta, agus dianphlotáil iontu. Ba mhinic a bhí siad idir eatarthu idir scéal bleachtaireachta agus scéinséir.
  3. I ndiaidh trí bliana a chaitheamh gan peann a chur ar pár d'fhill MacLean ar an scríbhneoireacht. Na leabhair ó When Eight Bells Toll go The Bear Island, bhí siad an-éagsúil ó thaobh na stíle de, agus iad ag tarraingt ar stíl an dá thréimhse roimhe sin. Ba é an rud ba mhó a dhealaigh an tríú tréimhse ón gcéad dá thréimhse ná an blas scannánaíochta, an tsúil cineamatagrafaíochta, a bhí le haithint sna leabhair seo, ní nárbh ionadh, ó bhí MacLean ag déanamh scriptscríbhneoireachta le haghaidh scannán san am seo.
  4. Na húrscéalta deireanacha - The Way to Dusty Death agus na cinn ina dhiaidh sin. Bhí a scileanna ag teip ar MhacLean san am seo, agus an iomarca comhrá ann in áit an aicsin. Ní dhearna sé forbairt cheart ar na carachtair ná cur síos ceart ar na suímh a thuilleadh. Bhí na léitheoirí sásta na leabhair a cheannach, ach ní raibh MacLean in ann stíl a chuid clasaiceach a chleachtadh a thuilleadh.

Tá príomhthéamaí agus móitífeanna áirithe le haithint ar scríbhneoireacht MhacLean ó thús deiridh. Go tipiciúil, bíonn príomhlaoch ann a thagann slán as gach cruachás idir chorpartha agus shíceolaíoch (cosúil le Carrington sa leabhar HMS Ulysses nó Andrea sa leabhar The Guns of Navarone), agus is minic a chuireann an scríbhneoir béim ar leith ar chomh díonta atá a leithéid de laoch ar an dochar a bhfuil san alcól don duine, nó cé go mbíonn na laochra seo ag ól biotáille go craosach, ní thagann an phóit orthu (féach an Cunta sa leabhar The Last Frontier nó Jablonsky san úrscéal The Fear is the Key). Is féidir clichés áirithe a fheiceáil i ngach leabhar, cosúil leis an dóigh a gcroitheann an laoch a chloigeann i ndiaidh dó buille a fháil inti, le teacht chuige arís. Is féidir ciníochas áirithe a chur i leith MhacLean sa mhéid is gur coirpigh is bithiúnaigh iad na daoine ón Meánmhuir nó ó Mheiriceá Laidineach aige de ghnáth.

D'fhoilsigh MacLean ocht gcinn fichead de leabhair fhicsin, is é sin, úrscéalta agus bailiúcháin ghearrscéalta. Thairis sin, bhreac sé síos cúpla leabhar neamhfhicsin, faoi Lawrence na hAraibe agus faoi James Cook.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]