Alfred Deakin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alfred Deakin
AlfredDeakin.jpeg
ball de Thionól Reachtach Victoria

Feabhra 18, 1879 - Iúil 8, 1879
John Smith - Robert Harper
Dúiche: West Bourke (en) Aistrigh
ball de Thionól Reachtach Victoria

Iúil 1880 - Márta 1889
Robert Harper - luach ar iarraidh →
Dúiche: West Bourke (en) Aistrigh
ball de Thionól Reachtach Victoria

Aibreán 1889 - Deireadh Fómhair 1900 - luach ar iarraidh, Edward Warde (en) Aistrigh
Dúiche: Essendon and Flemington (en) Aistrigh
Ard-Aighne na hAstráile

Eanáir 1, 1901 - Meán Fómhair 24, 1903
← luach ar iarraidh - James Drake
ball de Theach Ionadaithe na hAstráile

Márta 30, 1901 - Aibreán 23, 1913
← luach ar iarraidh - Charles McGrath
Dúiche: Ballarat (en) Aistrigh
2. Príomh-Aire na hAstráile

Meán Fómhair 24, 1903 - Aibreán 27, 1904
Edmund Barton - Chris Watson
An tAire Gnóthaí Eachtracha

Iúil 5, 1905 - Samhain 13, 1908
George Reid - Lee Batchelor
Príomh-Aire na hAstráile

Iúil 5, 1905 - Samhain 13, 1908
George Reid - Andrew Fisher
Príomh-Aire na hAstráile

Meitheamh 2, 1909 - Aibreán 29, 1910
Andrew Fisher - Andrew Fisher
Saol
Eolas breitheMelbourne, 3 Lúnasa 1856
NáisiúntachtAn Astráil
BásMelbourne, 7 Deireadh Fómhair 1919
Áit adhlacthaSt Kilda Cemetery (en) Aistrigh
Cúis bháis (Galar Alzheimer)
Muintir
AthairWilliam Deakin
Céile/CéilíPattie Deakin  (1882 -  luach anaithnid)
Páistí
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materMelbourne Law School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir, taidhleoir, iriseoir agus file
Áit oibreCanberra
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaProtectionist Party (en) Aistrigh

Ba pholaiteoir é Alfred Deakin (3 Lúnasa 1856 i stát Victoria - 7 Deireadh Fómhair 1919), ar dhuine de na polaiteoirí ba mhó a bhí taobh thiar de Chónascadh na hAstráile.[1]. Féachtar air mar "athair an náisiúin". B'eisean an dara Príomh-Aire ar an Astráil.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oibrigh Deakin mar mhúinteoir agus oide príobháideach chun soláthar dó féin fad a bhí sé ag gabháil don dlí san oíche in Ollscoil Melbourne.

Tar éis gur glaodh chun Bharra Victoria air sa bhliain 1877, níor éirigh go maith leis mar dhlíodóir ar dtús. Chuaigh sé i muinín na hiriseoireachta agus na polaitíochta ina áit, cé gur d'fhill sé ar an mBarra ar feadh roinnt blianta sna 1890idí.

1905

Aturnae Ginearálta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé ina Aturnae Ginearálta ar Victoria faoi dhó. Sna 1890í bhí sé ar thús cadhnaíochta na státairí a bhí ag moladh Chónascadh na hAstráile.

Ag deireadh na ndeich mbliana sin ghlac sé páirt in idirbheartaíocht thábhachtach as ar tháinig teorainn ar achomhairc os comhair na Ríchomhairle in aghaidh chinntí Ard-Chúirt na hAstráile. Mar sin féin, bhí an-tionchar aige ar fhorbairt an dlí san Astráil.

'Alfred Deakin' on the front cover of 'The King and his Navy & Army', 1903.jpg

Tar éis do Chomhlathas na hAstráile teacht ann sa bhliain 1901, ceapadh Deakin ina chéad Ard-Aighne air (1901-1903). Bhí páirt ríthábhachtach aige ag déanamh cinnte de gur achtaíodh an reachtaíocht a chuir Ard-Chúirt na hAstráile ar bun, an rud a bhain sé amach sa pholaitíocht arbh é ba mhó ba chúis mórtais dó.

Príomh-Aire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Deakin ina Phríomh-Aire ar an Astráil trí huaire (1903-1904, 1905-1908 agus 1909-10).

Sa bhliain 1906, ritheadh reacht chun líon breithiúna na hArd-Chúirte a mhéadú ó thriúr go cúigear (an líon a mhol sé sa bhliain 1902 ach níor éirigh leis).

Thapaigh Deakin an deis leis na breithiúna A.B. Ó hUiginn agus Isaac Isaacs a chur ar an gCúirt, poist a chóiméad siad go dtí 1929 agus 1930 faoi seach.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig hipirtheannas air agus ansin néaraistéine agus néaltrú soithíoch b'fhéidir.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBAC. "Alfred Deakin (1856-1919)" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-08-04.