Jump to content

Scotia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Logainm Laidine is ea Scotia fréamhaithe ón bhfocal Scoti, ainm Laidine dosna Gaeil,[1] fianaithe ar dtús déanach sa 3ú haois.[1] Faoin mbliain AD 500, thugadh na Rómhánaigh "Scotia" ar Éirinn. Ón 9ú haois ar aghaidh, athraíodh brí an ainm de réir a chéile, go dtí go raibh ciall chruinn aige, ag lua na coda sin den oileán taobh ó thuaidh den Linne Foirthe, mar atá Ríocht na hAlban.[1]

Léarscáil of the Roman divisions of Ireland and Scotland, with the Scoti shown as a tribal grouping in the north of Ireland

Sanasaíochat agus fréamhuithe

Ba iad na Rómhánaigh a scríobh an focal Scottiar dtús. Mar shampla, faightear i dtéacsanna as Laidin den 4ú haois, ag tuaisisc ruathar Gaelach ar an mBreatain Rómhánach.[2][3][4] In am trátha, tugadh an t-ainm ar na Gaeil go léir. Meastar ámh nár thug na Gaeil féin an t-ainm orhtu féin, ach amháin agus iad ag scríobh as Laidin.[2] Feictear Scot (iolra Scuit) i lámhscríbhinní Sean-Ghaeilge den 9ú haois, mar shampla, Sanas Cormaic.

Tá beagnach gach ainm le haghaidh na hAlban bunaithe ar an bhfréamh Scotia (cf. Ollainnis Schotland, Fraincis Écosse, Seicis Skotsko, Súlúis IsiKotilandi, Maorais Koterana, Haicéis Sû-kak-làn, Ceatsuais Iskusya, Tuircis İskoçya, srl.), nó go díreach nó trí theangacha eile. Is iad ach amháin na teangacha Ceilteacha ina bhfuil an t-ainm bunaithe ar an bhfréamh Alba, e.g. Gaeilge Mhanann Nalbin, Breatnais Yr Alban".

Foinsí Éireannacha

In Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn, is é Scotia an naoú hainm ar Éirinn, ainmnithe as Scota, iníon an Fharó Nectanebo I, rí na hÉigipte. De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, iníon an Fharó Necho II ba ea í. De réir foinsí eile, iníon an Fharó Neferhotep I agus a mhná chéil, Senebsen, ba ea Scota, agus bhean chéile Mhíl Espáine agus máthair Éibhir Dhoinn agus Éireamhóin ba ea í. Ag scríobh sa bhliain 1571, dúrit Edmund Campion gurbh Amenophis é an Faró.

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí