An Mhaorais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Maorais)
Infotaula de llenguaAn Mhaorais
te reo Māori, te reo agus Māori

Cineálteanga, teanga bheo agus réimse acadúil
Úsáid
Cainteoirí dúchais160,000
Dúchasach doOileán Thuaidh
Stáitan Nua-Shéalainn
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Astrál-Téacha
teangacha Astrainéiseacha
teangacha Malae-Pholainéiseacha
teangacha Malae-Pholainéiseacha núicléacha
Central-Eastern Malayo-Polynesian (en) Aistrigh
Eastern Malayo-Polynesian (en) Aistrigh
teangacha Aigéanacha
Central–Eastern Oceanic (en) Aistrigh
teangacha an Aigéin Chiúin Láir
teangacha Polainéiseacha
teangacha Polainéiseacha núicléacha
teangacha Polainéiseacha Oirthearacha
teangacha Taihítice
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus córas scríbhneoireachta na Maoraise
Institiúid caighdeánaitheTe Taura Whiri i te Reo Māori
Leibhéal leochaileachta2 leochaileach
Cóid
ISO 639-1mi
ISO 639-2mao
ISO 639-3mri
Glottologmaor1246
Linguasphere39-CAQ-a
Ethnologuemri
ASCL9304
UNESCO702
IETFmi
Endangered languages3571

Is teanga í an Mhaorais (MāoriTe Reo Māori), nó Te Reo de ghnáth a labhraítear sa Nua-Shéalainn. Ceann de na theangacha oifigiúla sa tír sin is ea í, agus is é an Béarla an ceann eile. Teanga Pholainéiseach í an Mhaorais, agus is í teanga Oileáin Cook an ceann is gaolmhaire léi. Le fírinne, "Maorais" a thugann muintir Oileáin Cook ar a dteanga freisin. "Dúchasach" nó "bundúchasach" is brí leis an bhfocal sin "māori" sa teanga féin.

Tugtar ‘Aotearoa’ ar an Nua-Shéalainn i Maorais, teanga na bPolainéiseach a chuir fúthu inti corradh is míle bliain ó shin. Ciallaíonn an t-ainm ‘Tír an scamaill fhada bháin’.[1]

Stádas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón mbliain 1987 i leith, tá stádas oifigiúil ag an Maorais sa Nua-Shéalainn. Glactar leis go bhfuil sí ó dhúchas ag céad míle nó céad míle go leith de dhaoine, nó ag 2 % de mhuintir na Nua-Shéalainne.

Labhraítear Maorais mar theanga phobail i réigiún an Tuaiscirt (Northland Region, Te Tai-tokerau) in Oileán Thuaidh na Nua-Shéalainne, i Te Urewera i lár an Oileáin Thuaidh, agus timpeall na Rinne Thoir in oirthuaisceart an Oileáin Thuaidh. Thairis sin, áfach, tá naíonraí Maoraise ar fud na tíre leis an teanga a theagasc do na páistí óga.

Canúintí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a lán canúintí ann, ach is í an chanúint is difriúla leis an gcuid eile ná canúint an Deiscirt. Is í an difríocht is mó ná go gcuirtear k in áit an ng sa Deisceart.

Tá caighdeán na Maoraise bunaithe ar chanúint Lár Oileán an Tuaiscirt, agus sna laethanta a bhí, rinne rialtas na Nua-Shéalainne iarrachtaí leis an Maorais chaighdeánaithe a chur i mbéal mhuintir an Deiscirt freisin.

Inniu, áfach, baintear úsáid oifigiúil as an gcanúint Dheisceartach sna háiteanna ina labhraítear de ghnáth í. Mar shampla, is é an t-ainm oifigiúil Maoraise atá ar an sliabh is airde sa Nua-Shéalainn inniu ná Aoraki (Mount Cook an t-ainm Béarla), de réir chanúint an Deiscirt, ós in Oileán an Deiscirt atá sé suite. Aorangi an t-ainm a úsáideann muintir an Tuaiscirt.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Bearnaí Ó Doibhlin (Aibreán 2009). "Lá na hAstráile" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-01-26.