An Mhaorais
Maorais (Te Reo Māori) | |
---|---|
Á labhairt | An Nua-Shéalainn |
Réigiún | An Pholainéis |
Cainteoirí san Iomlán | 165,000 |
Rang | Ní sa chéad 100 |
Líne ghinealaigh | Ostrainéisis Malaea-Polainéisis (MP) (MP) Núicléach (MP) an Lároirthir (MP) an Oirthir Aigéinis Aigéinis an Lároirthir Aigéinis Cianda Teangacha Láir an Aigéin Chiúin Fídsís an Oirthir-Polainéisis Polainéisis Polainéisis Núicléich Polainéisis an Oirthir Polainéisis an Lároirthir Taihítís Maorais |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil | An Nua-Shéalainn |
Foras Pleanála Teanga | Coimisiúin an Teanga Maorais |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | mi |
ISO 639-2 | mao (B) mri (T) |
ISO 639-3 | mri |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is teanga í an Mhaorais (Māori nó Te Reo Māori), nó Te Reo de ghnáth a labhraítear sa Nua-Shéalainn. Ceann de na theangacha oifigiúla sa tír sin is ea í, agus is é an Béarla an ceann eile. Teanga Pholainéiseach í an Mhaorais, agus is í teanga Oileáin Cook an ceann is gaolmhaire léi. Le fírinne, "Maorais" a thugann muintir Oileáin Cook ar a dteanga freisin. "Dúchasach" nó "bundúchasach" is brí leis an bhfocal sin "māori" sa teanga féin.
Tá a lán canúintí ann, ach is í an chanúint is difriúla leis an gcuid eile ná canúint an Deiscirt. Is í an difríocht is mó ná go gcuirtear k in áit an ng sa Deisceart. Tá caighdeán na Maoraise bunaithe ar chanúint Lár Oileán an Tuaiscirt, agus sna laethanta a bhí, rinne rialtas na Nua-Shéalainne iarrachtaí leis an Maorais chaighdeánaithe a chur i mbéal mhuintir an Deiscirt freisin. Inniu, áfach, baintear úsáid oifigiúil as an gcanúint Dheisceartach sna háiteanna ina labhraítear de ghnáth í. Mar shampla, is é an t-ainm oifigiúil Maoraise atá ar an sliabh is airde sa Nua-Shéalainn inniu ná Aoraki (Mount Cook an t-ainm Béarla), de réir chanúint an Deiscirt, ós in Oileán an Deiscirt atá sé suite. Aorangi an t-ainm a úsáideann muintir an Tuaiscirt.
Ón mbliain 1987 i leith, tá stádas oifigiúil ag an Maorais sa Nua-Shéalainn. Glactar leis go bhfuil sí ó dhúchas ag céad míle nó céad míle go leith de dhaoine, nó ag 2 % de mhuintir na Nua-Shéalainne. Labhraítear Maorais mar theanga phobail i réigiún an Tuaiscirt (Northland Region, Te Tai-tokerau) in Oileán Thuaidh na Nua-Shéalainne, i Te Urewera i lár an Oileáin Thuaidh, agus timpeall na Rinne Thoir in oirthuaisceart an Oileáin Thuaidh. Thairis sin, áfach, tá naíonraí Maoraise ar fud na tíre leis an teanga a theagasc do na páistí óga.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |